An difríocht idir athruithe ar: "Luainíocht na gcónocht"
Content deleted Content added
Voproshatel (plé | dréachtaí) No edit summary chlib amháin: Reverted |
m Uathaistrithe. Cealaíodh athrú 1127825 le Voproshatel (plé) chlib amháin: Undo |
||
Líne 1:
Feiniméan a tharlaíonn mar gheall ar na hathruithe malla ar threoshuíomh ais rothlaithe [[An Domhan|an Domhain]] sa spás. Tarraingíonn aomadh imtharraingteach [[An Ghrian|na Gréine]] is [[An Ghealach|na Gealaí]] boilsc mheánlíneach an Domhain, rud a chruthaíonn [[casmhóimint]] nó cúpla a luascann an ais rothlaithe trí chón sa spás, ag uillinn 23.5° leis an bplána meánlíneach, agus tréimhse 25,800 bliain ag an luascadh sin. Toradh suntasach ar an [[luainíocht]] seo is ea go n-athraíonn ionad gach aon rinn spéire go leanúnach, de bhrí go n-athraíonn bunphointe an chórais chomhordanáidigh (mar a dtrasnaíonn an mheánlíne is an t-[[éiclipteach]], [[Túsphointe an Reithe]]) agus go ngluaiseann siar 50 [[soicind]] stua in aghaidh na bliana. Mar sin, luann catalóga na [[Réalta|réaltaí]] an bhliain chuí maidir le hionad réaltaí, chun gur féidir na hionaid chruinne ag aon am eile a ríomh. Toradh eile is ea go n-inscríobhann an mol neamhaí [[ciorcal]] ar thrastomhas 47°. Mar sin, i gceann 14,000 bliain, is é [[Vega (réalta)|Vega]] a bheidh ina réalta thuaidh agus ní [[An Réalta Thuaidh|Polaris]].
|