An difríocht idir athruithe ar: "Seosamh Mac Grianna"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 12:
Chuaigh an cruatan go mór mór chun dochair dó, go háirithe ó thaobh na sláinte sící de. Sa bhliain [[1935]], agus é díreach ag scríobh úrscéil faoi shaol polaitiúil na hÉireann, buaileadh le síocóis dhúlagrach é a d'fhág ina chreapaltán é ó thaobh na haigne de, ar feadh a raibh fágtha de shaol aige.
 
Chaith sé tamall i nGráinseach Ghormáin in 1935-36. As sin amach bhí an saol go dona aige. Bhí sé in aontíos le bean darbh ainm Peigí le tamall. Bhí mac acu darbh ainm Fionn ach cuireadh isteach i ndílleachtlann na m[[Bráithre Críostaí]] i nGlas Naíon é nuair nár fhéad an lánúin cúram ceart a thabhairt dó.[[Íomhá:Rannnafeirste.JPG|mion|Rann na Feirste]]
 
D'éist sé an obair scríbhneoireachta, agus baisteadh ''Dá mBíodh Ruball ar an Éan'' (is é sin, "dá mbeadh eireaball ar an éan", de réir an Chaighdeáin) ar an úrscéal neamhchríochnaithe.
Líne 18:
Chaith Mac Grianna roinnt blianta ina chónaí ag Páirc Naomh Áine, Rath Éanaigh, sna 1950idí. D’fhág Seosamh an teach sin in 1957 agus chuaigh sé ar ais go Rann na Feirste (nochtadh leac cuimhneacháin ann i gcuimhne ar an scríbhneoir sa bhliain 2023).<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Nuacht an Tuaiscirt. 29 Bealtaine|url=https://www.rte.ie/rnag/nuacht-gaeltachta/2023/0529/1386248-nuacht-an-tuaiscirt-29-bealtaine/|date=2023-05-29|language=ga-IE|author=RnaG}}</ref>
[[Íomhá:Letterkenny St. Eunan's College Irland@20160529 02.jpg|mion|Saint Eunan's College, Letterkenny]]
Chaith Seosamh an chuid is mó den am ina dhiaidh sin ag éileamh san [[ospidéal]] [[Síciatracht|síciatrach]]. Bhí sórt cleamhnais neamhoifigiúil aige le bean agus saolaíodh mac don bheirt aige. In 1959, chuir Peigí lámh ina bás féin agus an bhliain chéanna sin a bádh an mac. Cuireadh Seosamh isteach in Ospidéal Naomh Conall i Leitir Ceanainn tuairim an ama sin agus ann a d’fhan sé. Scitsifréine a bhí air, ach níor fhág sin nach bhféadfadh sé a bheith páirteach in éigsí agus i bhféiltí i nDún na nGall ar ball. San ospidéal Naomh Conall a bhásaigh sé 11 Meitheamh 1990.<ref name=":0" />
[[Íomhá:Rannnafeirste.JPG|clé|mion|Rann na Feirste]]
 
== Scríbhinní ==
[[Íomhá:St Pats College Drumcondra.jpg|mion|St Pats College Drumcondra, BÁ¢BÁC]]
Is iad na leabhair is tábhachtaí dár scríobh Seosamh ná ''Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile'', ''An Druma Mór'', ''Eoghan Ruadh Ó Néill'', ''Dá mBíodh Ruball ar an Éan'' agus ''Mo Bhealach Féin''.
 
Line 31 ⟶ 29:
Is iad sean-fhilí Chúige Uladh is mó atá á gcardáil sna haistí eile, idir shaol agus shaothar. Bhí Seosamh riamh míshásta leis an dearcadh díspeagúil ar fhilí Uladh a léirigh [[Dónall Ó Corcora]] ina leabhar údarásúil ''The Hidden Ireland'', agus theastaigh uaidh a thaispeáint nach raibh aon chaill orthu i gcomparáid le filí na gcúigí eile. Bhí sé eolach ar shaol agus ar shaothar na bhfilí ón mbéaloideas, agus é ag trácht orthu mar a bheadh aithne phearsanta aige orthu. Ní dhearna sé plán mín de dhuáilcí daonna pearsanta na bhfilí ach an oiread, a mhalairt ar fad bhí sé in ann tagairt ghreannmhar a dhéanamh dóibh uaireanta.
 
=== Na Mórshaothairmórshaothair ===
 
==== ''An Druma Mór'' ====
Line 46 ⟶ 44:
An dóigh ar fágadh an t-éan gan ruball, spreag sé [[Antain Mac Lochlainn]] chun pinn leis an úrscéal ''Ruball an Éin'' a fhoilsiú sa bhliain 2005. Mar a léiríonn an teideal, iarracht atá ann an t-úrscéal neamhchríochnaithe a chríochnú faoi dheoidh.
 
=== SaotharFoilseacháin ===
 
==== Úrscéalta ====
* ''[[Mo Bhealach Féin]]'' (1940)
* ''Dá mBíodh Ruball ar an Éan'' (2005)
* ''An Druma Mór'' (1972)
 
==== Beathaisnéisí ====
* ''[[Eoghan Ruadh Ó Néill]]'' (1931)
 
==== Gearrscéalta ====
* ''An Grádh agus an Ghruaim'' (1929), bailiúchán
* ''Dochartach Duibhlionna agus scéalta eile'', bailiúchán (1936 agus 1976)
 
==== Aistí ====
* ''Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile''
* ''Fáinne an Lae'' (1925)
Line 78 ⟶ 77:
[[Catagóir:Múinteoirí Éireannacha]]
[[Catagóir:Baill d'Óglaigh na hÉireann (1922–1969)]]
[[Catagóir:Daoine a coinníodh i ngéibheann in Éirinn]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1901]]
[[Catagóir:Básanna i 1990]]
[[Catagóir:Daoine as Contae Dhún na nGall]]
[[Catagóir:Seosamh Mac Grianna]]