An difríocht idir athruithe ar: "Búistéirí na Seanchille"

Content deleted Content added
Líne 101:
==Ródach Mór an Chlorane Bar==
 
B'é an t-ionsaí ar an ''Chlorane Bar'' an chéad mhórchoir eile a rinne na Búistéirí. TeacTeach tábhairne ab ea é an ''Chlorane Bar'' agus é suite ar thalamh neodrach idir ceantar na bhFál agus ceantar na Seanchille, rud a d'fhág go raibh daoine ón dá phobal ag gnáthú na háite. Teach dhá urlár a bhí ann le beár poiblí thíos an staighre agus tolglann thuas an staighre. Ar an 5 Meitheamh 1976, tháinig ceathrar gunnadóirí isteach an doras agus iad ag scairteadh ar na custaiméirí Protastúnacha dul ar thaobh amháin agus ar na Caitlicigh dul ar thaobh eile. Ansin, thosaigh an mhurdaróireacht.
 
Maraíodh fear an tí, Caitliceach cnagaosta darbh ainm Jimmy Coyle, le hurchar a bhuail sa chroí é. Duine eile a fuair bás san ionsaí ab ea é Edward Farrell, seanchara le Coyle agus gnáthchustaiméir san áit. Lámhachadh sa droim é nuair a rinne sé iarracht na leithris a bhaint amach le dul ar foscadh i gceann acu. Daniel McNeill a bhí ar an tríú fear a maraíodh. Íorónta go leor, bhí na péas den tuairim go raibh baint éigin aige leis an UVF. Thairis sin, shíothlaigh Samuel Corr, fear meánaosta a bhí gonta go héag, sular tháinig na hotharcharranna. Protastúnach a bhí ann chomh maith. Fuair fear eile - John Martin - bás san ospidéal tar éis dhá sheachtain a chaitheamh ag éileamh. Goineadh daoine eile go tromchúiseach. Dealraíonn sé nach raibh na murdaróirí ábalta a néaróga féin a choinneáil faoi stiúir cheart, nó cé go ndearna siad iarracht gan dochar a dhéanamh d'aon duine dá bpobal féin, níorbh é lá an roghnachais lá an lámhaigh.