An difríocht idir athruithe ar: "Tliongáinis"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Teanga shaorga í an '''Tliongáinis''' (Tliongáinis: tlhIngan Hol) a ceapadh an chéad uair le haghaidh na dTliongánach ar an scannán ''Star Trek: The Motion Picture''. Sibhialta...
 
No edit summary
Líne 1:
Teanga shaorga í an '''Tliongáinis''' (Tliongáinis: tlhIngan Hol) a ceapadh an chéad uair le haghaidh na dTliongánach ar an scannán ''Star Trek: The Motion Picture''. Sibhialtacht shamhlaithe is ea iad na Tliongánaigh a bhfuil an-tábhacht acu sna sraitheanna teilifíse agus sna scannáin a bhaineann le coincheap an [[Star Trek]]. D'fheictí na Tliongánaigh go minic ar an [[Star Trek:The Original Series|chéad sraith]] féin, ach níor forbraíodh an teanga dóibh roimh an chéad phríomhscannán.
 
B'é James Doohan, a rinne páirt Montgomery "Scotty" Scott ar an chéad sraith, a chum an chéad chupla focal, ach b'é an teangeolaí Marc Okrand a d'iompaigh ina teanga iomlán í a bhfuil idir stór cuimsitheach focal agus chóras ceart gramadaí aici. Bhí staidéar déanta ag Okrand ar theangacha bundúchasacha Mheiriceá, agus tá a lán saintréithe ag an teanga nach mbeadh i bhfad as cosán i measc theangacha dúchasacha Chalifornia. Mar sin féin, dúirt Okrand féin riamh nach raibh sé ag iarraidh aithris a dhéanamh ar ghramadach na dteangacha seo - bhí sé ní ba tábhachtaí an teanga a dhéanamh chomh difriúil leis an mBéarla agus ab fhéidir. Mar shampla, is é gnáthordú na rann cainte sa Tliongáinis ná OVS - is é an cuspóir a thagann roimh aon rud eile, agus an briathar ag leanúint sna sálaí aige, agus an t-ainmní fágtha ina ndiaidh. (Sa Bhéarla, is é an gnáthordú ná SVO, is é sin, ainmní - briathar - cuspóir; agus sa Ghaeilge, VSO, nó briathar - ainmní - cuspóir.)
 
Tá gramadach na Tliongáinise bunaithe ar an táthú, nó fiú ar an iltáthú, - is é sin, is féidir nach bhfuil ach aon fhocal fada amháin de dhíth le abairt iomlán Béarla (nó Gaeilge) a aistriú. Tá go leor eisceachtaí agus mírialtachtaí i ngramadach na Tliongáinise, ós rud é gur fhéach Okrand chuige go mbeadh mothú na teanga nádúrtha inti.