An difríocht idir athruithe ar: "Conchúr Crús Ó Briain"

Content deleted Content added
+iw en
Ranna +Naisc
Líne 1:
Scríbhneoir, polaiteoir agus acadúlach [[Éire|Éireannach]] is ea é '''Conchúr Crús Ó Briain''' (seanlitriú Gaeilge: ''Conchubhar Crús Ó Briain'', Béarla: ''Conor Cruise O'Brien''), a dtugtar ''The Cruiser'' nó ''An Crúiseoir'' air i gcaint na ndaoine. Saolaíodh i Ráth Maonais ar an [[3 Samhain|tríú lá de Mhí na Samhna]] [[1917]]. D'fhoghlaim sé a chuid léinn i [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|gColáiste na Tríonóide]], rud as an ngnáth san am, ós rud é gur Caitliceach a bhí ann féin, agus clú Protastúnach ar an áit. Phós sé cailín Preispitéireach arbh ainm di Christine Foster san am seo.
 
Chuaigh sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus bhain sé an chéad cháil idirnáisiúnta amach, nuair a bhí sé ina ionadaí do na [[Náisiúin Aontaithe]] i gKatanga sa Chongó (an tír a dtugtaí an tSáír uirthi ní ba mhaille, agus arb í Poblacht Dhaonlathach an Chongó í inniu). Sa bhliain 1961, d'fhéach cúige seo na tíre le neamhspleáchas a bhaint amach, agus bhí géarchéim mhór sa tír dá dheasca sin. Bhí a lán tíortha ag cur a ladair féin i gcúrsaí an Chongó, agus sa deireadh, b'éigean don Bhrianach éirí as a phost agus glanadh as an tír. Scríobh sé leabhar faoin taithí seo, ''To Katanga and Back'', a bhfuil cáil an chlasaicigh uirthi i gcónaí.
 
Sna blianta 1962-1965, bhí sé ina Sheansailéir ar Ollscoil [[Gána|Ghána]], agus ina dhiaidh sin, chaith sé ceithre bliana ina Ollamh le Daonnachtaí in Ollscoile Nua-Eabhraic. Ollúnacht a bhí ann a bunaíodh in ómós d'[[Albert Schweizer]].
 
Sa bhliain 1969, d'fhill sé go hÉirinn le bheith ina pholaiteoir agus ina ionadaí do [[Páirtí an Lucht Oibre (Éire)|Pháirtí an Lucht Oibre]]. D'éirigh go maith leis ar dtús, ach nuair a rinneadh Aire Poist agus Teileagraif de sa bhliain 1973, tharraing sé a lán seantithe anuas air. Ghlac sé col fíochmhar leis an bPoblachtánachas Éireannach, agus chuaigh sé i dtuilleamaí cinsireachta leis an mbolscaireacht Phoblachtánach a ruaigeadh as an gcraolachán. Thriail sé freisin na hamhráin reibiliúnacha a chosc ar an raidió. De thoradh na n-iarrachtaí seo, theip air sa chéad toghchán eile, agus chaill sé a shuíochán mar Theachta Dála. Mar sin féin, rinneadh Seanadóir de go gairid ina dhiaidh sin.
 
{{síol}}
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|O Briain, Conchur Crus]]
[[Catagóir:Polaiteoirí na hÉireann|O Briain, Conchur Crus]]
 
[[en:Conor Cruise O'Brien]]