An difríocht idir athruithe ar: "Búistéirí na Seanchille"

Content deleted Content added
Líne 109:
==Dúnmharú Cornelius Neeson==
 
Ar an 1 Lúnasa 1976, rith le Moore agus McAllister dúnmharú a dhéanamh as a stuaim féin, beag beann ar Murphy agus ar bhoic mhóra ghluaiseacht na nDílseoirí. Chuaigh siad ag iascach sna seanbhráití timpeall ar Bhóthar Cliftonville, agus ansin, tháinig siad ar fhear meánaosta darbh ainm Cornelius Neeson, agus é ag filleadh abhaile óna chuid oibre i gclub biongó. Ghabh McAllister de thua ar Neeson, agus nuair a thit Neeson as a sheasamh, thosaigh Moore ag tabhairt ciceanna sa chloigeann dó. D'fhág siad Neeson ina luí ar an tsráid agus é ag saothrú an bháis, agus chonaic gluaisteánaí éigin é ansin sula raibh sé básaithe. D'fhéach an gluaisteánaí chuige gur tugadh Neeson go dtí an t-ospidéal, ach shíothlaigh sé ansin. Bhí carr na gciontóirí feicthe ag an ngluaisteánaí, agus é in ann comharthaí sóirt McAllister a thabhairt do na péas, ach níor shamhlaigh aon duine an choir leis na Búistéirí ar dtús.
 
I rith na míonna i ndiaidh dhúnmharú Neeson, ní raibh na Búitséirí ach ag ól sa ''Brown Bear'' agus ag plé chruachás a gceannaire sa phríosún. Nuair a bhí Murphy tugtha go dtí [[an Cheis Fhada]], thosaigh sé ag tabhairt orduithe don drong faoi ainghníomhartha nua.
 
==Foinsí==