An difríocht idir athruithe ar: "Poblachtánachas in Éirinn"

Content deleted Content added
+naisc, +en
m Naisc
Líne 3:
Sna blianta [[1169]]-[[1603]], bhí codanna d'Éirinn á rialú ag tiarnaí [[Normannaigh|Normannacha]] nó go díreach ag coróin na [[An Bhreatain Mhór|Breataine Móire]]. I ndiaidh na bliana [[1603]], tháinig an t-oileán ar fad faoi fhorlámhas [[Sasana|Shasana]] mar a bheadh [[coilíneacht]] ann. Sa bhliain [[1801]], d'aontaigh [[Acht na hAontachta]] Éire agus an Bhreatain Mhór le chéile i [[Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann]]. Ar lorg an [[Náisiúnachas|náisiúnachais]] agus an [[Daonlathas|daonlathais]] a bhí ag forbairt i Mór-roinn na hEorpa, thosaigh an Poblachtánachas ag cur bachlóg in Éirinn. Ó ba dóigh le cuid mhór de na hÉireannaigh go rabhthas ag imirt cos ar bholg orthu i gcúrsaí eacnamaíochta agus ar chúiseanna creidimh, tháinig borradh ar an bhfreasúra a bhí ag cur in aghaidh fhorlámhas na nGall.
 
I gcúrsaí [[stair na hÉireann]], is gnách an náisiúnachas agus an Poblachtánachas a aithint thar a chéile. Tugtar ''náisiúnachas'' ar aon dóigh a dtagann an mórtas cine nó na mothúcháin náisiúnta chun solais, mar iarrachtaí chun an cultúr náisiúnta a chur chun cinn, gluaiseachtaí measartha nach raibh ach ag éileamh rialtas dúchais d'Éirinn seachas neamhspleáchas iomlán, agus, uaireanta, gluaiseachtaí scarúnachais a bhí sásta leis na modhanna bunreachtúla oibre, in áit na gleice armtha. Is é is Poblachtánachas ann ná go bhfuiltear ag éileamh neamhspleáchas iomlán faoi rialtas Poblachtánach.
 
{{stumpa}}