An difríocht idir athruithe ar: "Máire Mhic Giolla Íosa"

Content deleted Content added
Structúr
Líne 20:
Bhí a téarma 7 mbliain le bheith istigh i [[Samhain|Mí na Samhna]] 2004, ach d´fhógair sí ar [[14 Meán Fómhair]], [[2004]] go seasfadh sí an dara téarma sna toghcháin uachtaránachta. Nuair nár éirigh le haon iarrthóir eile an tacaíocht cuí a fháil le seasamh, sheas an Uachtarán gan chur ina coinne, agus fógraíodh go raibh sí tofa ar [[1 Deireadh Fómhair]], [[2004]]. Cuirfear i gcathaoir í ag tús a dara téarma ar [[11 Samhain]], [[2004]]. Feictear gur mar gheall ar shásamh an phobail lena iarrachtaí ina post cúis a bua sa toghchán, agus nach raibh páirtí ar bith sásta íoc as toghchán a bheadh an-deacair buachaint. [http://www.ireland.com/newspaper/front/2004/0207/902381357HM1POLLMAIN.html]
 
== Tús a saoil ==
Rugadh Máire Páidrigín Ní Lionnacháin ar an [[27 Meitheamh]], [[1951]]. Fuair sí a chuid oideachais ag Ardscoil Naoimh Doiminic; [[Ollscoil na Banríona]], [[Béal Feirste]]; agus i g[[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Coláiste na Tríonóide]], [[Baile Átha Cliath]]. Is ball ar an m[[Beár(dlí)|Beár]] i d[[Tuaisceart Éireann]] agus i b[[Poblacht na hÉireann]] í. I [[1975]] ceapadh mar Ollamh Reid ar [[Dlí coiriúil|Dhlí Coiriúil]], [[Coireolaíocht]] agus [[Píoneolaíocht]] i g[[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Coláiste na Tríonóide]], [[Baile Átha Cliath]] í, i gcomharba ar [[Máire Mhic Róibín|Mháire Mhic Róibín]] (comharba a thitfeadh amach arís i gceann 20 bliain). I [[1979]] chuaigh sí isteach in [[RTÉ]] mar [[iriseoir]] agus [[láithreoir]]. I [[1981]] d´fhill sí ar Ollúnacht Reid, ach lean ag obair go páirtaimseartha do RTÉ ar feadh 4 bliana eile. Ba bhall ar Theachtaireacht Easpag an Eaglais Chaitlicigh chuig Fóram Éireann Nua i [[1984]] í, agus ba bhall ar theachtaireacht na [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|hEaglaise Caitlicí]] chuig Coimisiún an Tuaiscirt ar Pharáid Conspóideacha í i [[1996]].
 
== Ina Uachtarán ==
I [[1997]] bhuail Bean Mhic Giolla Íosa an [[Taoiseach]] [[Ailbhe Mac Raghnaill]] i dtoghchán ar rogha [[Fianna Fáil|Fhianna Fáil]] don Uachtaránacht. Ar [[11 Samhain]] [[1997]], thóg sí a háit mar 8ú Uachtarán na hÉireann. Ba é seo an chéad uair ar tháinig bean i gcomharba ar bhean eile mar uachtarán aon áit ar domhan. [[Náisiúnaí]] a tógadh i dTuaisceart Éireann, téann sí thar teorainn go minic, agus cuireadh fáilte roimpi ag an dá phobal ó thuaidh.
 
Chuir sí aithne ar an m[[Eilís II na Ríochta Aontaithe|Banríon Eilís II]] agus í féin ina Leas-Sheansiléar Cúnta ar [[Ollscoil na Banríona, Béal Feirste|Ollscoil na Banríona]] i mBéal Feirste. Meastar go mbeidh cuairt ón mBanríon sin go hÉirinn i réim an Uachtaráin.
 
Tá sí pósta le [[Máirtín Mac Giolla Íosa]]. Tá a háras oifigiúil in [[Áras an Uachtaráin]], [[Páirc an Fhíonnuisce]], [[Baile Átha Cliath]] 7.
 
== Postanna eile ==
Roimhe seo bhí sí ina:
*Leas-Sheansiléar Cúnta ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste,
Line 39 ⟶ 42:
 
[[Rang:Polaiteoirí na hÉireann|Mhic Ghiolla Iosa, Maire]]
[[Catagóir:Uachtaráin na hÉireann|Mhic Ghiolla Iosa, Maire]]
[[Rang:Daoine a rugadh i 1951|Mhic Ghiolla Iosa, Maire]]