An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha"

Content deleted Content added
Leathanach nua: B'é '''Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha''' (''Партия социалистов-революционеров/Partiya Sotsialistov-Revolyutsionerov'') an ceann ba tábhac...
 
Rang +IV +Naisc +Íomhá
Líne 1:
[[Íomhá:1917PartiyaSoz-Rev.jpg|thumb|220px|Póstaer don toghchán sa bhliain 1917]]
B'é '''Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha''' ([[Rúisis]]:''Партия социалистов-революционеров/Partiya Sotsialistov-Revolyutsionerov'') an ceann ba tábhachtaí de pháirtithe na heite clé in [[Impireacht na Rúise]] roimh chaithréim na mBoilséiveach. Bunaíodh an páirtí sa bhliain [[1902]], ach roimhe sin féin, bhí grúpaí áitiúla ar fud [[An Rúis|na Rúise]] a dtugadh "na Sóisialaithe Réabhlóideacha" orthu féin. Bhí fréamha na ngrúpaí seo i ngluaiseachtaí tuathghríosóireachta na naoú haoise déag, agus iad ag iarraidh scológa bochta na Rúise a spreagadh chun ceannairce.
 
Cé gur páirtí Sóisialach ab ea iad na Sóisialaithe Réabhlóideacha, níor chreid siad sa [[Karl Marx|Mharxachas]]. Is é an tuiscint a bhí ag Karl Marx ar an réabhlóid shóisialach gurbh é an lucht oibre, an phrólatáireacht thionsclaíoch, a chuirfeadh i gcrích í. Ní raibh idé-eolaithe na Sóisialaithe Réabhlóideacha ar aon tuairim leis, a fhad agus a bhí an Rúis i gceist. Ní raibh an oiread sin tionsclaíochta sa Rúis, a d'áitigh siad, nó ba tír curadóireachta agus talmhaíochta í thar aon rud eile. Mar sin, b'iad scológa bochta na tuaithe an aicme réabhlóideach, dar leo. Bhí siad ag féachaint le tacaíocht na scológ a fháil, agus d'éirigh leo réasúnta maith.
 
Níor dhruid siad siar ón sceimhlitheoireacht ach oiread. Mharaigh sceimhlitheoirí Sóisialacha Réabhlóideacha a lán státseirbhíseach ard, agus, fiú, beirt Airí Gnóthaí Inmheánacha.
 
I ndiaidh [[Réabhlóid na Feabhra]] 1917, tháinig scoilt ar na Sóisialaithe Réabhlóideacha. Thacaigh eite dheis an pháirtí leis an Rialtas Sealadach nua a ndeachaigh duine dá gcuid féin, [[Aleksandr Kerenskiy]], i gceannas air. Thaobhaigh eite chlé an pháirtí leis na Boilséivigh. De réir a chéile, chuaigh cuid acu sna Boilséivigh, ach d'fhéach cuid eile le héirí amach nuair a chonaic siad go raibh na Boilséivigh ag cur ar bun deachtóireacht aon pháirtí sa tír. Ar an 30ú Lúnasa 1918, rinne Fanya Kaplan, Sóisialaí Réabhlóideach, iarracht [[Léinín]] a mharú, agus ghoin sí é go dona. Cuireadh Kaplan chun báis trí lá ina dhiaidh sin, agus rinneadh géarleanúint ar na Sóisialaithe Réabhlóideacha ar fud na tíre.
 
Ghlac iarsmaí na Sóisialaithe Réabhlóideacha páirt i gCogadhg[[Cogadh Cathartha na Rúise]] ag iarraidh cur in aghaidh na mBoilséiveach. Ina dhiaidh sin, fuair cuid acu - ar nós Aleksandr Kerenskiy - tearmann sna tíortha Iartharacha.
 
{{síol}}
[[Catagóir:Stair na Rúise]]
[[Catagóir:Páirtithe polaitíochta]]
 
[[cs:Strana socialistů-revolucionářů]]
[[de:Trudowiki]]
[[en:Socialist-Revolutionary Party]]
[[et:Sotsialistide-Revolutsionääride Partei]]
[[es:Partido Social-Revolucionario]]
[[he:המפלגה הסוציאל-רבולוציונית]]
[[nl:Sociaal-Revolutionaire Partij]]
[[ja:社会革命党]]
[[pl:Eserowcy]]
[[ro:Partidul Socialist Revoluţionar]]
[[ru:Партия социалистов-революционеров]]
[[sk:Eser]]
[[fi:Sosialistivallankumouksellinen puolue]]
[[sv:Socialistrevolutionära partiet]]