An difríocht idir athruithe ar: "Loch nEathach"

Content deleted Content added
m robot Adding: lt:Nėjus, zh:內湖 (英国)
Naisc
Líne 1:
[[Íomhá:Wfm lough neagh.jpg|thumb|Íomhá satailíte de Loch nEathach]]
Is é '''Loch nEathach''' an loch is mó in [[Éire|Éirinn]], agus is mó é ná aon loch sa [[an Bhreatain|Bhreatain]] freisin. Tá sé tuairim agus 30 [[chiliméadar|km]] (20 míle) ar fhad agus 15 km (9 míle) ar leithead, agus tá sé go garbh 30 km siar as [[Béal Feirste]]. Tá an loch an-íseal timpeall a imeall agus tá meán doimhne 9 méadar (30 troigh) sa príomh-chuid den loch. Is é a dhoimhneacht is mó 25 méadar (80 troigh). Tá sé suite i dtuaisceart na tíre, agus tá bruacha ag cúig chinn de chontaethe [[Uladh]] ar an Loch: [[Contae Aontroma]], [[Contae Ard Mhacha]], [[Contae Doire]], [[Contae an Dúin]], agus [[Contae Thír Eoghain]]. Tá [[Machaire Fíolta]], [[an Mhuine Mhór]], agus [[Carraig Abhainn]] cois locha.
 
Cé go mbaintear feidhm as an loch le raidhse caithimh aimsire agus gnó, tá sé an-oscailte, agus faigheann an uisce an-gharbh go h-an tapa in aimsir ghaothmhar.
 
Insíonn sean-scéal [[Gael|Gaelach]] mar a cumadh an loch nuair a sciob [[Fionn Mac Cumhaill]] píosa talún ina lámha agus gur chaith é le namhaid in [[Albain]]. Níor bhain sé amach an namhad, agus thit an cré i [[Muir Éireann]], i dtreo is gur chum sé [[Oileán Mhanann]]. Tagann lucht faire ar éanlaithe go Loch nEathach as go leor tíortha mar gheall ar líon agus raidhse a chuid éanlaithe a chaitheann an geimhreadh nó an samhradh 'sna portaigh agus ar na tránna cois locha.
 
Tá tábhacht le [[iascaireacht]] [[eascach]] ar Loch nEathach leis na céadta bliain, agus fós féin díolann lucht iascach Loch nEathach a gcuid eascach do phroinntithe ar fud an domhain.
{{síol}}
 
[[Catagóir:Uiscí na hÉireann]]