An difríocht idir athruithe ar: "Búistéirí na Seanchille"

Content deleted Content added
No edit summary
m Íomhá
Líne 1:
Drong murdaróirí ab ea iad '''Búistéirí na Seanchille''' a bhí gníomhach i m[[Béal Feirste]] sna [[1970idí]]. Mharaigh na Búistéirí thart ar thríocha Caitliceach gan de chúis acu leis ach a gcreideamh. Glactar leis go coitianta gur [[Sraithmharfóir|sraithmharfóireacht]] [[Síceapaite|shíceapatach]], seachas dúnmharfóireacht sheicteach, a bhí idir lámhaibh acu, ach nuair a bhí na Búistéirí i mbun oibre, bhí an foréigean seicteach agus [[na Trioblóidí]] go han-dona ar fud [[Tuaisceart Éireann|Thuaisceart Éireann]], agus an drong ábalta a gcuid coireanna a chur i ngníomh faoi bhrat an tseicteachais.
[[Íomhá:Cludach ShankillButchers Dillon.jpg|thumb|200px|Cludach leabhair do "The Shankill Butchers" le Martin Dillon]]
 
==Lenny Murphy - an Ceannaire==
 
B'é Lenny Murphy ceannaire na mBúistéirí. Tháinig sé chun saoil i mBéal Feirste ar an 2 Márta 1952, agus is é an t-ainm a baisteadh air ná Hugh Leonard Thompson Murphy. Bhí an sloinne Gaelach sin Murphy ag cur isteach ar na comharsana, ó chreid siad gur Caitlicigh faoi cheilt ab ea iad muintir Mhurphy. Is iomaí uirísliú a d'fhulaing a gclann ar scoil agus i measc lucht a gcomhaoise de dheasca an tsloinne. De thoradh na ráflaí faoi [[Caitliceachas|Chaitliceachas]] an teaghlaigh, freisin, sheachnaíodh tuismitheoirí Lenny cuideachta na gcomharsan, rud nach ndearna ach tuilleadh caidéise agus drochamhrais a tharraingt.
 
Ar scoil dó, d'iompaigh Lenny amach ina dhrochscoláire, ach san am céanna, d'éirigh sé sciliúil ag ionramháil daoine. Bhí sé ábalta a dhíoltas a agairt orthu siúd a bhí ag spochadh faoina shloinne, ó bhí drong de mhaistíní móra earcaithe aige le hé a chosaint. Ag fás anuas dó, chuaigh sé le mionghadaíocht agus le hógchiontóireacht eile, agus tharraing sé súil na bpéas air féin.
 
I ndiaidh dó an scoil a fhágáil, thosaigh Lenny ag dul timpeall na dtithe tábhairne, agus fuair sé aithne ar amhais mhóra ón tSeanchill, fir den chineál a bhí díreach ag bunú dronga Protastúnacha sceimhlitheoireachta. Nuair a thosaigh na scliúchais sráide idir na [[Protastúnachas|Protastúnaigh]] agus na Caitlicigh, agus na Protastúnaigh ag ionsaí cheantar Caitliceach na bhFál i Mí Lúnasa 1969, ghlac Lenny páirt sna himeachtaí go díograiseach. I ndiaidh na bullaíochta a thuill a shloinne Gaelach dó i rith bhlianta a chéad óige, theastaigh uaidh a léiriú don tsaol mhór gur Protastúnach go smior a bhí ann, agus b'é an dóigh ab fhearr le sin a dhéanamh ná na Caitlicigh a ghéarleanúint.
 
==Bunú na Droinge==
Line 13 ⟶ 14:
Sna blianta 1970-71, bhí Murphy ina bhall [[UVF|d'Fhórsa Óglaigh Uladh (UVF)]], agus é ag bailiú a bhaicle féin ina thimpeall as measc fhir óga na gciorcal seo. B'iad Robert "Basher" Bates agus Samuel "Big Sam" McAllister an bheirt fhear acu siúd ba mhó a bhí páirteach ina chuid coireanna ina dhiaidh sin. Fear lasánta cantalach ab ea é Basher a rachadh ag cur i dtíortha le fearg go furasta, agus é sásta glacadh le horduithe ó Murphy, cé go raibh Murphy cupla bliain ní b'óige ná eisean. Bhí clú an bhruíonachais agus an fhoréigin air, agus é ag gabháil de bhuidéal bhriste ar dhaoine le linn na trodaíochta sa teach tábhairne. Maidir le McAllister, mionghadaí a bhí ann thar aon rud eile.
 
San am seo, is é sin, i dtús na seachtóidí, bhí na grúpaí paraimíleatacha ag earcú fir nua go tapa, agus an oiread fir óga a bhí ag tonnadh isteach, ach ní raibh siad ábalta roghnachas ná scagadh a dhéanamh ar na hearcaigh nua. Dá dheasca sin, bhí cuid mhaith gnáthchoirpeoirí agus ógchiontóirí in ann seangú isteach le buntáiste a ghlacadh ar na [[Trioblóidí]] ar a ndóigh féin. Daoine acu siúd ab ea iad Lenny, Big Sam agus Basher.
 
Rinne Lenny Murphy a dhicheall gan an iomarca airde den chineál mhícheart a tharraingt air féin. Ní thaobhódh sé cuideachta na sceimhlitheoirí móra Protastúnacha go poiblí. Ina áit sin, bhí sé á dtaispeáint féin in áiteanna siamsaíochta agus ag cur chuma an bhanaí agus an bhuachaill báire air féin.
Line 19 ⟶ 20:
==An Chéad Dúnmharú - Francis Arthurs==
 
B'é dúnmharú Francis Arthurs an chéad ainghníomh den tsaghas seo a raibh baint ag Lenny leis. Ar an [[21 Iúil]] [[1972]], stop scata Dílseoirí tacsaí an fhir seo leis an tiománaí a fhuadach. D'aithin siad go raibh sé ag teacht ó cheantar Caitliceach, agus is é an chiall a bhain siad as go raibh sé ag déanamh treaspáis ar thailte naofa Protastúnacha. Bhuail siad sa chloigeann é agus thug siad go dtí club Dílseoirí timpeall [[Bóthar na Seanchille|Bhóthar na Seanchille]] é. Ansin, fuair Arthurs leadhbairt leanúnach thar oíche. B'é Lenny Murphy ba mhó a bhí i mbun na hoibre seo. Rinne sé a dhicheall le bheith ar an duine ba bhrúidiúla dá raibh i láthair, agus é ag déanamh sceanaigh ar an íobartach. Le teacht na maidine, maraíodh Arthurs le hurchar agus dumpáladh an corpán.
 
==Dúnmharú Thomas Madden==
Line 27 ⟶ 28:
==Misiún Murdair William Pavis agus Príosúnú Mhurphy==
 
Faoin am seo, rinneadh cupla dúnmharú eile sa cheantar a raibh an chuma chéanna orthu. Níor ciontaíodh aon duine sna coireanna seo riamh, ach tá sé dealraitheach go leor go raibh páirt ag Lenny Murphy sna dúnmharuithe seo. Misiún paraimíleatach a tharraing súil na bpéas air. Is é an duine a bhí le marú an iarracht sin ná William Pavis, Protastúnach a bhí sa phríosún toisc gur dhíol sé airm thine le sagart Caitliceach faoi choim. Seanchairde ab ea iad Pavis agus an sagart, agus iad ag dul ag sealgaireacht in éineacht. Cairdeas pearsanta a bhí ann a thosaigh roimh laethanta na dTrioblóidí. Is é an tuiscint a bhain na Dílseoirí as seo, áfach, gur díoltóir gunnaí a bhí i bPavis agus gnóthaí aige leis an [[IRA]]. Mar sin, chinn an tUVF ar é a mharú. I Mí Mheán Fómhair 1972, d'fhág sé Príosún Bhóthar Chroimghlinne ar a onóir, agus ar an lá deireanach sula bhfillfeadh sé go dtí an príosún, mharaigh Murphy agus Dílseoir eile, Mervyn Connor, é. Ní dhearnadh sceanairt de an iarracht seo: scaoil Murphy urchar sa chloigeann, agus as go brách leis agus lena chomhchoirpeoir.
 
Cupla mí ina dhiaidh sin, gabhadh Murphy agus Connor, agus rinneadh príosúnaigh díobh. D'aithin na húdaráis gurbh é Murphy an bithiúnach ba mhó acu, agus gurbh é leas an phobail ar fad é Murphy a choinneáil istigh. Thosaigh siad ag margáil le Connor, a bhí an-scanraithe ag Murphy, iompú ina fhinné stáit agus cruthú in aghaidh Mhurphy. Fuair Murphy amach faoi seo, áfach, agus d'imeaglaigh sé Connor chun an milleán a ghlacadh air féin. Ina dhiaidh sin, mharaigh sé Connor. Ní raibh na húdaráis ábalta Murphy a chiontú i ndúnmharú Pavis, agus mar sin, b'éigean scaoileadh saor leis sa deireadh. Coinníodh sa charcair ar feadh tamaill é, áfach, mar phionós as na hiarrachtaí a rinne sé éalú as an bpríosún nuair nach raibh an fiosrú críochnaithe go fóill.
Line 33 ⟶ 34:
==Scaoilte Saor Arís==
 
Ar an [[13 Bealtaine]] [[1975]], d'fhág Murphy príosún [[An Cheis Fhada|na Ceise Fada]]. San am seo, tháinig scoilt idir na sean-Dílseoirí a bhí fanta sa bhraighdeanas agus na sceimhlitheoirí óga a bhí taobh amuigh. Faoi thionchar [[Sóisialachas|an tSóisialachais]] agus na smaointeoireachta nua-aoisí eile a bhí ag éirí coitianta i measc na bPoblachtánach, d'fhéach lucht na carcrach - daoine cosúil le Gusty Spence - le hidé-eolaíocht chasta pholaitiúil a fhorbairt do ghluaiseacht na nDílseoirí. Ní raibh mórán suime ag na fir óga amuigh i dteoiricí na gcrannlaochra, nó ní dheachaigh siad sna Dílseoirí ar lorg ceachtanna polaitiúla, ach ar lorg sceitimíní na gleice armtha. Fir ab ea iad seo a d'fhear fíorchaoin fáilte roimh Lenny Murphy nuair a d'fhill sé ar an tSeanchill, ó b'eisean an cineál ceannaire a bhí ag teastáil uathu. Bhíodh sé ag gnáthú an ''Brown Bear'', teach tábhairne i [[Bóthar na Seanchille|mBóthar na Seanchille]], agus ba ghnách le muintir an cheantair tagairt dá dhrong mar "lucht an ''Brown Bear''". Ón tús, bhí iompairc agus iomaíocht áirithe le haithint idir lucht an ''Brown Bear'' agus iad siúd a thagadh le chéile sa ''Windsor Bar'', píosa éigin bealaigh ar shiúl ón ''Brown Bear''.
 
B'iad Basher agus Big Sam a chabhraigh le Lenny baicle dá chuid féin a bhailiú timpeall air féin. D'éirigh le coirpeoir óg eile, fear darbh ainm William Moore, mórtachas maith a dhéanamh le Lenny. Fear údarásúil ab ea é Lenny mar a chonacthas dó é, fear a raibh staidiúir an oifigigh agus an fhíorshaighdiúra air, agus chuaigh sé go mór mór i gcion ar Moore. Cé go raibh taifead coiriúil aige ón mbliain 1966 anuas, ní raibh na péas in ann gníomhaíocht pharaimíleata a shamhlú leis. Thairis sin, bhí sé ag obair ina thiománaí tacsaí - ceann de na [[Tacsaithe Dubha Bhéal Feirste|tacsaithe dubha]] - agus é ina bhall de chumann tiománaithe tacsaí na Seanchille.