An difríocht idir athruithe ar: "Väinö Linna"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 43:
Thar aon rud eile, bhí an leabhar foirgthe le tíopaí dodhearmadta de dhaoine a bhféadfadh aon saighdiúir a chomhionannú a dhéanamh le duine acu. An chuid is mó acu, áfach, níl siad róchurata mar shaighdiúirí. Ní suim le ''Rahikainen'', mar shampla, ach mná, camghnóthaí agus ól, agus nuair a chuirtear na fir ar staisiún i gcathair atá forghafa ag na Fionlannaigh, ní thógann sé mórán ama ar Rahikainen fíor-impireacht mheirdreachais agus chaimiléireachta a chur ar bun sa chathair. Maidir le ''Vanhala'', is buachaill simplí páistiúil é nach dtuigeann i gceart dáiríreacht an chogaidh, agus é ag sciotaíl gháire an t-am ar fad faoi scéalta magaidh na saighdiúirí eile.
 
An bheirt fhear atá fíorchróga, níl siad ró-oiriúnach mar laochra dearfacha ach an oiread. Fear fiáin docheansaithe is ea é ''Rokka'', agus é in ann an complacht a tharrtháil uair i ndiaidh uaire leis an dóigh speisialta atá aige ar an meaisínghunna, chomh maith leis an nguaim a choinníonn sé ar a eagla féin nuair a bhíonn an chuid eile den chomplacht ag imeacht leis an ngaoth le falsaer is le táinrith. Ó tá sé chomh docheansaithe is atá, áfach, ní thugann sé mórán aird ar orduithe na n-oifigeach ach an oiread, ó chreideann sé go bhfuil fios a ghnó aige féin níos fearr ná ag na boic mhóra. Maidir le ''Lehto'', arís, níl caill air sin mar shaighdiúir, ach is léir gur [[Síceapaite|síceapatach]] míthrócaireach é nach bhfuil ach dímheas agus fuath aige ar aon duine is laige ná é féin. Caitheann sé anuas ar shaighdiúir óg atá scanraithe, agus nuair a fhágtar cime cogaidh Rúiseach faoina chúram, maraíonn sé an cime le tallann Shádach a shásamh. Loighciúil go leor, nuair a fhaigheann Lehto é féin gonta go héag sa deireadh, cuireann sé lámh ina bhás féin gan mhoill.
 
==Eipic Mhillteanach na Staire==