An difríocht idir athruithe ar: "Búistéirí na Seanchille"

Content deleted Content added
Líne 126:
Chuaigh dúnmharú Stephen McCann go mór mór i bhfeidhm ar na péas, chomh cosúil is a bhí sé le duine clainne dá gcuid féin - fear óg míshuaimhneach a bhíodh ag streachailt lesi ag iarraidh oideachas a bhaint amach dó féin agus socrú síos sa saol, cé go raibh na Trioblóidí ag cur as dó go dona. D'éirigh le plean Murphy, áfach, nó chuir dúnmharú Stephen ó rian iad, agus tháinig amhras orthu, an raibh Murphy bainteach leis na dúnmharuithe búistéireachta ar aon nós, i ndeireadh na dála.
 
==An Clampar leis an UDA agus Dúnmharú Jim Moorehead==
 
Go gairid i ndiaidh mharú Stephen McCann, bhí trioblóidí príobháideacha ag Sam McAllister le Cumann Cosanta Uladh (an tUDA). Ar an 20 Nollaig 1976, mharaigh McAllister i dtroid fear óg darbh ainm Thomas Easton, a bhí ina óglach de chuid an Chumainn. Mar dhíoltas, shocraigh lucht an Chumainn McAllister a lámhach sa ghlúin. Ó bhí a bhean chéile ag iompar clainne, d'iarr sé ar lucht an Chumainn gan é a lámhach sa ghlúin ach sna lámha, agus an lámhach féin a chur ar fionraí go dtí go mbeadh an leanbh saolaithe. Bhí lucht an Chumainn sásta a achainí a dhéanamh, agus sa deireadh thiar thall, níor goineadh go róthromchúiseach é, ionas nach raibh a chuid cneánna ach tamall gairid ag bisiú.