An difríocht idir athruithe ar: "Búistéirí na Seanchille"

Content deleted Content added
Líne 131:
 
Ar an lá deireanach de Mhí Eanáir 1977, thángthas trasna ar chorpán Jim Moorehead, fear tríocha bliain a bhí ina oifigeach de chuid an UDA. Bhí sé fágtha in aice le ceantar Caitliceach, ach b'iad na Búistéirí a mharaigh Moorehead. Dhá lá roimhe sin, d'fhág Moorehead Club Sóisialta Sráid Rumford le dul ar lorg Jim Craig, cara leis a bhí ina bhoc mór san UDA chomh maith. Bhuail sé isteach i gcupla teach tábhairne, ach níor tháinig sé ar Craig. Scéal eile ar fad, áfach, go raibh Sam McAllister, Basher Bates, agus William Moore ag ól sa ''Windsor Bar'', agus nuair a chonaic siad Moorehead ag teacht isteach, chinn siad ar é a mharú. Níl a fhios ag aon duine fios fátha an dúnmharaithe seo. Dealraíonn sé nach raibh ann ach gur chuir cosúlacht Moorehead isteach ar an triúr, nó bhí craiceann cuíosach dorcha agus folt dubh gruaige aige, rud a d'fhág go raibh sé ag breathnú cosúil le coimhthíoch - is é an leasainm a bhí air ná an ''Nigger''. Maraíodh Moorehead istigh ar an leithreas, agus tugadh an ghnáthíde dá chorpán le scian. Ansin, d'ordaigh siad do na custaiméirí bailiú leo as an áit, ghlan siad na hiarsmaí fola a bhí fágtha sa leithreas, agus chaith siad an corpán amach faoin aer, taobh istigh de chúlchlós an tí. B'ansin a d'fhág siad thar oíche é, ach an lá arna mhárach, fuair siad amach go raibh óglach de chuid Chumann Cosanta Uladh maraithe acu. Ansin, tháinig deifir orthu fáil réitithe den chorpán.
 
Ó bhí clampar ag McAllister leis an UDA tamall roimh dhúnmharú Moorehead, d'fhéadfá a shíleadh gur díoltas a bhí i gceist leis an gcoir seo. De réir na ráiteas a bhreac na péas síos ó na Búistéirí ní ba deireanaí, áfach, ní raibh ann ach rud a rith leo, agus sin ar chúiseanna ciníochais thar aon rud eile.
 
==Foinsí==