An difríocht idir athruithe ar: "Láraonad próiseála"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
 
[[Íomhá:80486dx2-large.jpg|thumb|270px|Intel 80486DX2]]
 
Is é an '''láraonad próiseála (LAP)''' ([[Béarla]]: ''Central Processing Unit'', giorrúchán: ''CPU'') an chuid d'aon [[ríomhaire]] a dhéanann gnó na "hinchinne" istigh ansin. Tugtar "próiseálaí" ar an láraonad próiseála freisin (''processor'' an téarma Béarla). Is é an láraonad próiseála a láimhsíonn na [[sonraí]] de réir na dtreorach atá leagtha amach sa [[ríomhchlár]]. Is minic a thagraítear d'ainm an phróiseálaí lena mhíniú cén cineál ríomhaire atá ann - cineál próiseálaí é "Pentium 4", mar shampla. Ar luas an phróiseálaí a thomhaistear éifeacht an láraonaid. Is é an heirts (Hz) aonad an luais, sin nó an meigiheirts (MHz, aon mhilliún heirts) nó an gigiheirts (GHz, nó míle milliún heirts).
 
Is é an láraonad próiseála a dhéanann an ríomhaire in-ríomhchláraithe, agus is cuid riachtanach é d'aon ríomhaire, sean nó nua - chomh riachtanach leis an stóras príomhúil agus na háiseanna ionchuir agus aschuir. Má tá comhábhair an láraonaid priontáilte ar aon chlár amháin, mar chiorcad comhtháite, deirtear gur micreaphróiseálaí atá ann. Ó lár na seachtóidí ar aghaidh, thosaigh na ríomhairí ag éirí chomh héifeachtach agus nach raibh sé ciallmhar a thuilleadh aon dearadh eile a úsáid le haghaidh láraonad próiseála ach na micreaphróiseálaithe.