An difríocht idir athruithe ar: "Láraonad próiseála"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 4:
 
Is é an láraonad próiseála a dhéanann an ríomhaire in-ríomhchláraithe, agus is cuid riachtanach é d'aon ríomhaire, sean nó nua - chomh riachtanach leis an stóras príomhúil agus na háiseanna ionchuir agus aschuir. Má tá comhábhair an láraonaid priontáilte ar aon chlár amháin, mar chiorcad comhtháite, deirtear gur micreaphróiseálaí atá ann. Ó lár na seachtóidí ar aghaidh, thosaigh na ríomhairí ag éirí chomh héifeachtúil agus nach raibh sé ciallmhar a thuilleadh aon dearadh eile a úsáid le haghaidh láraonad próiseála ach na micreaphróiseálaithe.
 
Meaisín loighice é an láraonad próiseála atá in ann ríomhchláir a rith. De réir an tsainmhínithe seo, bhí láraonad próiseála i ngach ríomhaire, fiú sular tháinig an téarma féin "láraonad próiseála" in úsáid sa tionsclaíocht ríomhaireachta i dtús na seascaidí. Is iomaí craiceann a chuir na láraonaid phróiseála díobh san idirlinn, ach is í an úsáid chéanna a bhaintear astu i gcónaí.
 
Ar dtús, ba nós gach láraonad próiseála a dhearadh mar chuid den ríomhaire iomlán, agus dearadh gach ceann acu go hindibhidiúil.