An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"

m
Naisc
m (Naisc)
Chuir rialtas na Breataine an t'''Acht um Rialtas na hÉireann''' i bhfeidhm sa bhliain [[1920]]. Bhí an tAcht seo bunaithe ar an gCeathrú Bille um [[Rialtas Dúchais]] na [[Éire|hÉireann]]. Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar [[Éire|Éirinn]] tar éis [[an Chéad Chogadh Domhanda]]. Bhí an tAcht bunaithe ar an tuiscint a bhí ag [[David Lloyd-George]] agus [[Walter Long]] (ceannaire na nAontachtóirí i gCúigeg[[Cúige Uladh]]) ar pholaitíocht na hÉireann roimh an gcogadh, ach idir an dá linn, d'athraigh an suíomh in Éirinn an oiread agus nár leor an tAcht leis na hÉireannaigh a shásamh. Bhí na [[Náisiúnachas in Éirinn|Náisiúnaithe Éireannacha]] ag éileamh neamhspleáchais agus Poblachta faoin am seo. B'iad Sinn Féin an páirtí ba láidre in Éirinn, agus ní ghabhfaidís leor le Rialtas Dúchais de réir an tsean-sainmhínithe. Mar sin, ar an 23 Nollaig 1920, nuair a ritheadh an bille, bhí sé glan as dáta cheana féin.
 
B'é an tAcht seo a rinne críochdheighilt ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - an Dún, Aontroim, Ard Mhacha, Fear Manach, Doire agus Tír Eoghain - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd [[Béal Feirste]] agus [[Doire]]. B'é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith Caitlicigh i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn. De réir an Achta, bheadh a rialtas féin ag Deisceart Éireann taobh theas, agus rialtas eile ag [[Tuaisceart Éireann]], nó an sé chontae seo.
 
Bhí sé ceaptha go mbeadh Fear Ionaid an Rí - nó an Tiarna Leifteanant - os cionn an dá stát in Éirinn ó thaobh na cumhachta feidhmithí de. Bheadh an t-údarás feidhmithe dílsithe don Choróin, agus ní bheadh parlaiminteachas ar bith ann. Mar sin, bheadh an Tiarna Leifteanant ag ainmniú na nAirí Rialtais thar cionn an Rí, beag beann ar pharlaimint an dá stát. Bhí Comhairle ar leith - Comhairle na hÉireann - le cur ar bun freisin le caidreamh an dá pharlaimint a chomhordnú.
Tháinig parlaimint an Tuaiscirt ar an bhfód de réir an Achta, ach nuair a vótáladh na Feisirí isteach ar pharlaimint an Deiscirt, staon an chuid ba mhó acu ó chruinniú bunaidh na parlaiminte sin. Ní raibh ach beirt [[Aontachtóirí]] ó [[Coláiste na Tríonóide|Choláiste na Tríonóide]] i láthair ansin. Chruinnigh na feisirí eile in áit dá gcuid féin, agus d'fhógair siad gurbh iadsan Dáil Éireann, nó parlaimint Phoblacht neamhspleách na hÉireann.
 
Níor thionóil parlaimint an Deiscirt ina hiomláine ach aon uair amháin. Nó nuair a bhí an [[Conradh Angla-Éireannach]] sínithe, bhí faomhadh na parlaiminte seo ag teastáil ar chúiseanna foirmiúla. Mar sin, tháinig Teach Teachtaí Dheisceart Éireann le chéile aon uair amháin le glacadh leis an gConradh, agus ansin, scoireadh ar an toirt é le go bhféadfadh an Tríú [[Dáil]] teacht ina áit.
 
{{stumpa}}