An difríocht idir athruithe ar: "Na Piréiní"

Content deleted Content added
m Naisc
Naisc
Líne 1:
[[Íomhá:Pyrenees 0.43034E 42.71227N.jpg|deas|thumb|200px|Na Piréiní.]]
[[Sliabhraon]] is ea iad na '''Piréiní''' atá suite idir [[an Fhrainc]] agus [[an Spáinn]]. Síneann na Piréiní timpeall is 430 ciliméadar ó [[Bá na Bioscáine|Bhá na Bioscáine]], ar cuid í den [[an tAigéan Atlantach|Aigéan Atlantach]], go dtí [[an Mheánmhuir]]. Is é an sliabhraon seo an teorainn nádúrtha idir an Fhrainc agus an Spáinn, agus an teorainn pholaitiúil ag cloí leis na Piréiní an chuid is mó. Tá [[Andorra]] fáiscthe isteach idir an dá stát móra, áfach. Thairis sin, tá Val d'Aran, nó Gleann Aran, suite taobh thuaidh den tsliabhraon, cé gur cuid é den Spáinn go polaitiúil.
 
Tá na Piréiní níos sine ná [[Sliabh Alpa|na hAlpa]]. An dríodar ba tús don tsliabhraon, thosaigh sé á bhfosú in imchuacha an chósta sa ré Phailéasóch agus sa ré Mhéiseasóch. Timpeall is 100-150 milliún bliain ó sin, sa tréimhse Chailceach, leathnaigh grinneall Bhá na Bioscáine amach, agus fáisceadh an Spáinn in éadan na Fraince. D'ardaigh an brú seo oirthear an tsliabhraoin ar dtús, ach ansin, chuaigh sé ar aghaidh siar, go dtí go raibh an sliabhraon go léir ann, sa sealad Eoicéineach.