An difríocht idir athruithe ar: "Tliongáinis"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) +IV |
Guliolopez (plé | dréachtaí) m Íomhá |
||
Líne 1:
[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]] shaorga í an '''Tliongáinis''' (Tliongáinis: ''tlhIngan Hol'') a ceapadh an chéad uair le haghaidh na dTliongánach ar an scannán ''Star Trek: The Motion Picture''. Sibhialtacht shamhlaithe is ea iad na [[Tliongánaigh]] a bhfuil an-tábhacht acu sna sraitheanna teilifíse agus sna scannáin a bhaineann le coincheap an [[Star Trek]]. D'fheictí na Tliongánaigh go minic ar an [[Star Trek: The Original Series|chéad sraith]] féin, ach níor forbraíodh an teanga dóibh roimh an chéad phríomhscannán.
[[Íomhá:Alfabeto klinzhai del klingon.png|thumb|280px|Aibítir na Tliongánaigh]]
B'é [[James Doohan]], a rinne páirt Montgomery "Scotty" Scott ar an chéad sraith, a chum an chéad chupla focal, ach b'é an teangeolaí Marc Okrand a d'iompaigh ina teanga iomlán í a bhfuil idir stór cuimsitheach focal agus chóras ceart gramadaí aici. Bhí staidéar déanta ag Okrand ar theangacha bundúchasacha [[SAM|Mheiriceá]], agus tá a lán saintréithe ag an teanga nach mbeadh i bhfad as cosán i measc theangacha dúchasacha [[California|Chalifornia]]. Mar sin féin, dúirt Okrand féin riamh nach raibh sé ag iarraidh aithris a dhéanamh ar ghramadach na dteangacha seo - bhí sé ní ba tábhachtaí an teanga a dhéanamh chomh difriúil leis an
Tá gramadach na Tliongáinise bunaithe ar an táthú, nó fiú ar an iltáthú, - is é sin, is féidir nach bhfuil ach aon fhocal fada amháin de dhíth le abairt iomlán Béarla (nó Gaeilge) a aistriú. Tá go leor eisceachtaí agus mírialtachtaí i ngramadach na Tliongáinise, ós rud é gur fhéach Okrand chuige go mbeadh mothú na teanga nádúrtha inti.
Is é an fuaimniú an chuid is lú a chuirfidh coimhthíos ar an bhfoghlaimeoir. Bhain Okrand úsáid as consain scornánaithe lena chinntiú go bhfaighfeadh na Béarlóirí an teanga neamhghnách, ach le fírinne, tá an chuid is mó de na consain speisialta sin le fáil i dteangacha a labhraítear san [[Eoraip]]. Ón taobh eile de, ní teanga thonúil í an Tliongáinis, agus níl ach cúig ghuta ann.
{{síol}}
|