An difríocht idir athruithe ar: "Graostacht"

Content deleted Content added
No edit summary
{{glanadh}} DId anyone every figure out a way to "redeem" this? (Or what it's encyclopedic value might be?)
Líne 1:
{{glanadh}}
Tugtar '''gráisciúlacht''' ar na focail ghnáthchainte a bhfuil baint acu le cúrsaí na [[Collaíocht|collaíochta]], agus iad á seachaint i gcaint shibhialta. Sa Ghaeilge, bíonn sé deacair ag an bhfoghlaimeoir tuiscint cheart a fháil don chuid seo den teanga, ós rud é nach mbíonn lucht na bhfoclóirí sásta iad a chur i míotar. Dá réir sin, is minic a bhaineann foghlaimeoirí úsáid as leaganacha Gaelaithe de na focail Bhéarla, agus iad amscaí go leor. Sampla tipiciúil de seo is ea é an briathar ''feisigh/feisiú'' nach bhfuil bunús ar bith leis sa teanga thraidisiúnta: is dócha go bhfuil sé bunaithe ar cheann de na seach-chialla (''cohabitation, wedlock'') a luaitear leis an bhfocal ''feis'' i bhfoclóir Uí Dhuinnín. I bhfoclóir Uí Dhónaill, cuirtear an nod ''Lit:'' leis an bhfocal ''feis'' sa chiall ''sexual cohabitation'', rud a chiallaíonn nach mbaineann an bhrí sin leis an bhfocal céanna ach i litríocht na Nua-Ghaeilge Clasaicí, agus nach féidir súil a bheith agat leis an gciall sin i nGaeilge na Gaeltachta ón bhfichiú haois.
 
Is í an úsáid is minicí a bhaintear as an bhfocal ''feisigh'' inniu ná ''feisigh leat'', is é sin, imigh leat, bailigh leat, gread leat; agus is léir gur iarracht é seo leis an teilgean cainte Béarla úd ''fuck off'' a aistriú go Gaeilge. Sa Ghaeilge, is féidir úsáid a bhaint as an bhfocal Béarla féin: ''focáil leat''. Go traidisiúnta, áfach, ní úsáideadh lucht na Gaeilge an ghráisciúlacht le mallacht a chur ar dhaoine, ach teilgeanacha cainte de chineál eile, cosúil le ''spréadh ort'' (foirm Ultach den ''spré'', is é sin, ainm briathartha den bhriathar ''spréigh'' atá ann), nó, go díreach, ''mallacht ort''.
 
Maidir leis na focail ghráisciúla sa Ghaeilge, is dócha go bhfuil geis áirithe ar an bhfocal ''striapach'', a chiallaíonn "bean a mbíonn caidreamh collaí aici ag fir éagsúla", "bean choiteann", "meirdreach". Aithníonn an foclóir ''Ó Ghlíomáil go Giniúint'' an teilgean cainte ''an t-ainm mór a thabhairt ar bhean'', is é sin, ainm na striapaí a thabhairt uirthi.
 
{{síol}}