An difríocht idir athruithe ar: "Ár Jokela"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Tharlaigh anThit '''t-Ár Jokela''' ([[Fionlainnis]]: ''Jokelan kouluammuskelutapaus'' nó ''Jokelan koulusurmat'') amach ar an [[7 Samhain]], [[2007]], ini ardscoilLárionad Scoile Jokela (''Jokelan koulukeskus''), suite sa i sráidbhaile [[Jokela (Tuusula)|Jokela]], bardasachti gceantar [[Tuusula]], san [[anFhionlainn|An Fhionlainn]]. DhiúraicChaith agusduine mharaighde andhaltaí fearna gunnascoile, naonúrPekka-Eric Auvinen (Meitheamh 1989-7 éSamhain féin2007), anna t-ardmháistreáscéadta urchar ina thimpeall agus mharaigh sé naonúr daoine, mar atá, cúigear buachaillí óga a bhí ag foghlaim sa scoil, banaltra scoile, ardmháistreás na scoile agus seisearbean scoláirí.cúig Daltabliana fichead a bhí ag freastal ar chlár oideachais aosaigh sa scoil. abSa eadeireadh, chuir sé lámh ina bhás féin. Cé go raibh sé beo i gcónaí nuair a tháinig na póilíní air agus é ina luí ar an gunadóirurlár, shíothlaigh sé go gairid ina dhiaidh sin in ospidéal Töölö i Heilsincí.
 
==Na hImeachtaí==
 
Ar an 7 Samhain 2007, timpeall is ag a 11.40 a'chlog, thosaigh Pekka-Eric Auvinen, duine de dhaltaí na scoile, ag lámhach ina thimpeall leis an bpiostal (SIG Sauer Mosquito, calabra .22) a thug sé leis go dtí an scoil. Bhí an piostal aige go dlíthiúil, nó bhí sé díreach tar éis ceadúnas a fháil. I rith an chéad fhiche nóiméad eile, mharaigh sé ochtar daoine de dhaltaí nó d'fhoireann na scoile. Cuid de na daltaí agus de na múinteoirí, d'fhan siad socair sna seomraí ranga, agus glas ar an doras, ach d'éalaigh cuid mhaith eile as foirgneamh na scoile lena n-anam. Ghortaigh cuid acu iad féin nuair a bhris siad fuinneoga le teacht amach.
 
Ag a 11.44 a'chlog, cuireadh fios ar na póilíní, agus tháinig an chéad chonstábla go dtí an scoil ag a 11.55. Sa deireadh, bhí timpeall is céad póilín san áit, ina measc Grúpa Karhu, aonad speisialta na bpóilíní. Nuair a fuair na póilíní radharc ar Auvinen, scaoil sé urchar ina dtreo, ach níor bhuail an t-urchar aon duine acu. Ansin, chuaigh sé as radharc orthu arís, sula raibh d'uain acu aimsiú a fháil air ná dul i dteagmháil cumarsáide leis. Ag a 13.53 a'chlog, tháinig na póilíní trasna ar Auvinen, agus é ina luí i leithreas na scoile. Bhí sé tar éis é féin a chaitheamh sa chloigeann, ach bhí sé beo i gcónaí. Tugadh go hOspidéal Töölö é, áit ar bhásaigh sé ag a 22.15 a'chlog.
 
De réir mar a d'aithin na póilíní, scaoil Auvinen 76 urchar, ar a laghad. Bhí leathmhíle de chartúis ar fad aige, áfach. Bhí sé ag iompar canna peitriliam leis, fosta, agus rinne sé iarracht an scoil a chur trí thine.
 
 
 
[[Catagóir:An Fhionlainn]]