An difríocht idir athruithe ar: "Pentti Linkola"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Scríbhneoir, fealsamh éiceolaíoch agus easaontóir Fionlannach is ea é '''Kaarlo Pentti Linkola''', a rugadh ar an 7 Nollaig 1932 i Heilsincí. Cé gur sa phríomhchathair a saol...
 
No edit summary
Líne 4:
 
Sa bhliain 1971, d'fhoilsigh Linkola an chéad bhailiúchán d'altanna faoi chúrsaí na héiceolaíochta, mar atá, ''Unelmat paremmasta maailmasta'' ("Na Brionglóidí faoi Dhomhan ab Fhearr ná Seo"). I rith na mblianta, d'éirigh sé ní ba duairce agus ní ba chruálaí ina shaoldearcadh. Nuair a tháinig an chéad leabhar eile leis i gcló, mar atá, ''Toisinajattelijan päiväkirjasta'' ("As Dialann an Easaontóra"), sa bhliain 1979, bhí sé ag moladh Hitler, toisc go raibh Hitler ag marú daoine, agus ag caitheamh anuas ar dhaoine cosúil le hAlbert Schweitzer, ó bhí siad ag sábháil daoine. Sa leabhar seo ba túisce a chuir sé i míotar an prionsabal atá taobh thiar dá smaointeachas ó sin i leith, is é sin, an bithlárnachas in áit an daonlárnachais. Is éard atá sé a rá ná go bhfuil an duine daonna ag cur na timpeallachta nádúrtha ó mhaith, agus go bhfuil an timpeallacht nádúrtha níos tábhachtaí ná an duine daonna. Mar sin, ní mór na daoine iomarcacha a mharú scun scan, éirí as úsáid na teicneolaíochta agus sochaí nua a chur ar bun a bheadh bunaithe ar an eacnamaíocht fhéinchothaitheach agus ar an talmhaíocht.
 
D'fhorbair sé na smaointí i gcupla leabhar a d'fhoilsigh sé ina dhiaidh sin, mar atá, ''Johdatus 90-luvun ajatteluun'' (1989, "Uraiceacht Smaointeachas na Nóchaidí") agus ''Voisiko elämä voittaa?'' (2004, "An bhféadfadh an bheatha buachan?")