An difríocht idir athruithe ar: "Pentti Linkola"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir, fealsamh éiceolaíoch, éaneolaí féinteagasctha agus easaontóir Fionlannach is ea é '''Kaarlo Pentti Linkola''', a rugadh ar an 7 Nollaig 1932 i Heilsincí. Cé gur sa phríomhchathair a saolaíodh é, chaitheadh sé cuid mhór dá am faoin tuath, agus chuir sé suim i gcúrsaí na timpeallachta agus na héiceolaíochta luath go leor. Chaith sé cupla bliain ag staidéar bitheolaíochta in Ollscoil Heilsincí, ach d'éirigh sé as go luath, ó b'fhearr leis bheith ag éanadóireacht amuigh faoin aer. Chuidigh sé leis na héaneolaithe ag déanamh breathnóireachta agus ag coinneáil súile ar na héanacha, agus scríobh sé caibidlí dá lán foilseachán faoi éanacha na Fionlainne.
 
Sa bhliain 1959, chrom sé ar an iascaireacht mar shlí bheatha. Faoin am céanna, thosaigh sé ag scríobh paimfléid faoin teideal ''Isänmaan ja ihmisen puolesta eikä ketään vastaan'' ("Ar mhaithe leis an tír dhúchais agus leis an duine, gan dochar a dhéanamh d'aon duine"). Tháinig an paimfléad i gcló sa bhliain 1960. B'é ab ábhar don phaimfléad ná cúrsaí na síochána agus an tsíochánachais, nó bhí sé ag moladh do na daoine óga gan dul sna saighdiúirí agus an tseirbhís neamharmtha a roghnú ina áit. Ba scannal mór é sin san am, nó bhí an coinscríobh éigeantach san Fhionlainn ansin (agus tá sé i bhfeidhm inniu féin), agus cé gur cheadaigh an dlí an tseirbhís neamharmtha, bhí an chuid ba mhó den tsochaí an-naimhdeach ina leith siúd a roghnaigh í. Ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh sé as an síochánachas, nuair a thosaigh sé ag craobhscaoileadh an Darwineachais shóisialta.