An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí polaitíochta"

Content deleted Content added
No edit summary
m Naisc
Líne 1:
Eagraíocht [[Polaitíocht|polaitiúil]] is ea é an '''páirtí polaitíochta''' atá dírithe ar chumhacht a bhaint amach i rialtas na tíre. Glactar leis go bhfuil trí phríomhchuspóir ag gach páirtí polaitíochta, mar atá, obair eagraíochta, obair fógraíochta, agus obair idé-eolaíochta.
 
*''Obair eagraíochta'': is ionann seo agus airgead a bhailiú, foireann a fhostú, lucht tacaíochta a spreagadh chun vótála. Cuireann an cineál seo oibre ar chumas na n-iarrthóirí vótaí a fháil agus na toghcháin a bhuachan.
Líne 7:
*''Obair idé-eolaíochta'': is é sin, clár oibre an pháirtí a sceitseáil agus a shocrú.
 
Cuid de shaol polaitiúil na dtíortha daonlathacha iad na páirtithe polaitíochta de ghnáth. Thairis sin, bíonn páirtithe polaitíochta ina lán tíortha nach bhfuil meas an daonlathais orthu. Roimh an mbliain [[1989]], bhí tíortha Oirthear na hEorpa á rialú ag na páirtithe [[Cumannachas|Cumannacha]], agus go praiticiúil, bhí Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh ní ba tábhachtaí agus ní ba chumhachtaí ná Uachtarán an Stáit. Mar sin féin, ina lán de na tíortha seo, bhí páirtithe eile ann, cé go raibh sé cinntithe roimh ré nach mbeadh aon cheann acu ábalta teacht in aon chóngar don Pháirtí Chumannach i líon na bhfeisirí ná na vótaí.
 
D'fhorbair na páirtithe polaitíochta as na faicsin pholaitiúla a bhí sna parlaimintí réamhdhaonlathacha. Nuair nach raibh cead ach ag na daoine uaisle bheith ina bhfeisirí, ní raibh cúis le canbhásáil ná le fógraíocht sa chiall nua-aoiseach. Is féidir a rá go raibh [[Compántas na gCaitliceach]], an cumann a bhunaigh [[Dónall Ó Conaill]] leis na cearta daonna a bhaint amach do na Caitlicigh in Éirinn, ar an chéad pháirtí polaitíochta ar fad sa chiall nua-aoiseach sa Ríocht Aontaithe, nó chuaigh sé i dtuilleamaí teicníochtaí fógraíochta agus canbhásála den chineál nua-aimseartha roimh aon eagraíocht pholaitiúil eile. A lán de na cleasanna a d'fhoghlaim na hÉireannaigh sa Chompántas sin, mhúin siad do na Meiriceánaigh iad nuair a shocraigh siad síos sna Stáit Aontaithe, agus iad ag sealbhú an Pháirtí Dhaonlathaigh ina lán áiteanna le cúis na n-inimirceánach Éireannach a chur chun cinn.
 
D'fhorbair na páirtithe polaitíochta as na faicsin pholaitiúla a bhí sna parlaimintí réamhdhaonlathacha. Nuair nach raibh cead ach ag na daoine uaisle bheith ina bhfeisirí, ní raibh cúis le canbhásáil ná le fógraíocht sa chiall nua-aoiseach. Is féidir a rá go raibh [[Compántas na gCaitliceach]], an cumann a bhunaigh [[Dónall Ó Conaill]] leis na cearta daonna a bhaint amach do na [[Caitliceachas|Caitlicigh]] in [[Éire|Éirinn]], ar an chéad pháirtí polaitíochta ar fad sa chiall nua-aoiseach sa [[Ríocht Aontaithe]], nó chuaigh sé i dtuilleamaí teicníochtaí fógraíochta agus canbhásála den chineál nua-aimseartha roimh aon eagraíocht pholaitiúil eile. A lán de na cleasanna a d'fhoghlaim na hÉireannaigh sa Chompántas sin, mhúin siad do na [[SAM|Meiriceánaigh]] iad nuair a shocraigh siad síos sna Stáit Aontaithe, agus iad ag sealbhú an [[Páirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Dhaonlathaigh]] ina lán áiteanna le cúis na n-inimirceánach Éireannach a chur chun cinn.
 
{{síol}}