An difríocht idir athruithe ar: "Kalevala"

Content deleted Content added
m botún
MacTire01 (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Is é '''Kalevala''' eipic náisiúnta [[An Fhionlainn|na Fionlainne]], a chuir [[Elias Lönnrot]] i dtoll le chéile sa naoú haois déag.
 
Foilsíodh an chéad eagrán sa bhliain [[1835]], agus tháinig an leagan deifnideach i gcló sa bhliain [[1849]]. Don dara leagan seo - ''Uusi Kalevala'' nó Kalevala nua - is gnách tagairt mar "Kalevala". Áirítear Kalevala ar ceann de na saothair is tábhachtaí i stair litríochta na Fionlainne, agus é ina spreagadh mór do mhúscailt an náisiúnachais san Fhionlainn sa naoú haois déag. Chuir sé cor i gcinniúint na [[Fionlainnis|Fionlainnise]] chomh maith, nó bhí an teanga ann bunaithe ar na [[Cairéilis|canúintí Oirthearacha]], agus an teanga liteartha a bhí á cleachtadh san am sin, bhí sí ag tarraingt ar thobar an Iarthair amháin.
 
==Filíocht Tíre na Fionlainne==
 
Breacadh samplaí de bhéal-litríocht na Fionlainne síos an chéad uair sna 1670idí, agus san ochtú haois déag, chuaigh tuilleadh bailitheoirí i mbun na hoibre seo. Bailíodh dhá mhilliún véarsa béaloidis san am sin, a bheag nó a mhór, agus glactar leis go bhfuil timpeall is milliún agus dhá chéad míle véarsa acu foilsithe. Nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deireanais, bhí an bhailitheoireacht ina faisiún mór, agus í ag tabhairt spreagadh chun Cairéileachais - is é sin, adhradh na [[Poblacht na Cairéile|Cairéile]] (críocha thoir na Fionlainne agus na críocha [[An Rúis|Rúiseacha]] a bhí in aice leo) mar áit ina raibh an tsibhialtacht shean-Fhionlannach ag maireachtáil beo i bhfoirm níos glaine ná sa chuid eile den Fhionlainn.
 
==Saothar Lönnrot==
 
Bhailigh Elias Lönnrot agus na bailitheoirí eile, ar nós A. J. Sjögren agus D. E. D. Europaeus, an chuid ba mhó de na laoithe sa Chairéil agus i dtimpeallacht [[Cathair Pheadair|Chathair Pheadair]], áit a raibh canúint Fionlainnise á labhairt i gcónaí san am sin. I Mí Mheán Fómhair 1833, agus é ar cuairt sa Chairéil an ceathrú huair, rith le Lönnrot gurbh fhéidir go raibh na laoithe suite i bhfráma na hinsinte leanúnaí, in áit a bheith ina seoda scartha béaloidis.
 
Mar sin, nuair a chuir Lönnrot na véarsaí in eagar, chóirigh sé iad ionas go raibh eipic iomlán ann agus sórt plota loighciúil inaitheanta ag baint léi. Uaireanta, bhí cupla carachtar aige a nasc sé le chéile in aon phearsa amháin, le go mbeadh an scéal ag freagairt don phlota a bhí ceaptha aige féin. Deirtear gur béaloideas glan atá in aon tríú cuid den eipic, gur béaloideas "cóirithe" atá i gcaoga faoin gcéad de, agus gur chum sé timpeall is 14 % de na véarsaí trína chasadh féin a bhaint as athleaganacha na ndánta. An beagán eile, tháinig sé go díreach ó pheann agus ó intinn Lönnrot féin.