An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Rúise roimh Pheadar Mór"

Content deleted Content added
MacTire01 (plé | dréachtaí)
MacTire01 (plé | dréachtaí)
Líne 11:
Chuir Rurik bun le rítheaghlach a ainmnítear as féin - na ''Rurikovichy'' nó Clann Rurik. Fuair Rurik bás sa bhliain 879, ach má fuair féin, chrom a mhuintir ar obair an chogaidh ar áit na mbonn le tuilleadh tailte a ghabháil don tír a bhí bunaithe ag mo dhuine. Bhí luí ar leith ag Oleg (''Helgi'' as Íoslainnis, ''Helge'' i Sualainnis an lae inniu) le cogaíocht, agus d'éirigh leis bás an bheirt taoiseach a thabhairt a bhí i seilbh Chíév. Rinne sé a phríomhchathair féin de Chíév agus d'fhág sé mac Rurik, Igor (Ingvar i dteanga na Lochlannach) ag rialú Novgorod le cleachtadh a fháil ar ghnóthaí an taoisigh.
 
B'iad na hUigingigh seo a bhaist a hainm ar an Rúis. ''Rus'' a thugann Croinic Neastóir ar an treibh ar leith de Lochlannaigh a hiarradh isteach leis na Rúisigh a rialú, agus deirtear go gcaithfidh sé go bhfuil baint ag an ainm seo le [[Roslagen]], ceantar i dtuaisceart na [[An tSualainn|Sualainne]]. Thairis sin, tugtar Ruotsi ar thír na Sualainne i d[[Fionlainnis|teanga na Fionlainne]], agus tá go leor tuairimíochta á dhéanamh thart timpeall ar an dóigh a mbaineann an focal áirithe seo leis an dá cheann eile.
 
Níor thréig meon saighdiúireachta, fánaíochta agus creachadóireachta na nUigingeach clann Rurik go róghasta. Le lámh láidir an ionsaitheora bhain Igor amach ceadúnas trádála ón mBiosáintiam, ionas gur chuir dornán trádálaithe Rúiseacha fúthu i gCathair Chonstaintín sa bhliain 911.