An difríocht idir athruithe ar: "Ár Jokela"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Jokela school November 8th.jpg|thumb|Lárionad Scoile Jokela - An lá tar éis na heachtraíheachtra]]
Thit '''Ár Jokela''' ([[Fionlainnis]]: ''Jokelan kouluammuskelutapaus'' nó ''Jokelan koulusurmat'') amach ar an [[7 Samhain]], [[2007]], i Lárionad Scoile Jokela (''Jokelan koulukeskus'') i sráidbhaile [[Jokela (Tuusula)|Jokela]] i gceantar [[Tuusula]] san [[An Fhionlainn|An Fhionlainn]]. Chaith duine de dhaltaí na scoile, Pekka-Eric Auvinen (Meitheamh 1989-7 Samhain 2007), na céadta urchar ina thimpeall agus mharaigh sé naonúr daoine, mar atá, cúigear buachaillí óga a bhí ag foghlaim sa scoil, banaltra scoile, ardmháistreás na scoile agus bean cúig bliana fichead a bhí ag freastal ar chlár oideachais aosaigh sa scoil. Sa deireadh, chuir sé lámh ina bhás féin. Cé go raibh sé beo i gcónaí nuair a tháinig na póilíní air agus é ina luí ar an urlár, shíothlaigh sé go gairid ina dhiaidh sin in ospidéal Töölö i Heilsincí.