An difríocht idir athruithe ar: "Pentti Linkola"

Content deleted Content added
Wikify
No edit summary
Líne 6:
Sa bhliain 1971, d'fhoilsigh Linkola an chéad bhailiúchán d'altanna faoi chúrsaí na héiceolaíochta, mar atá, ''Unelmat paremmasta maailmasta'' ("Na Brionglóidí faoi Dhomhan ab Fhearr ná Seo"). I rith na mblianta, d'éirigh sé ní ba duairce agus ní ba chruálaí ina shaoldearcadh. Nuair a tháinig an chéad leabhar eile leis i gcló, mar atá, ''Toisinajattelijan päiväkirjasta'' ("As Dialann an Easaontóra"), sa bhliain 1979, bhí sé ag moladh [[Hitler]], toisc go raibh Hitler ag marú daoine, agus ag caitheamh anuas ar dhaoine cosúil le h[[Albert Schweitzer]], ó bhí siad ag sábháil daoine. Sa leabhar seo ba túisce a chuir sé i míotar an prionsabal atá taobh thiar dá smaointeachas ó sin i leith, is é sin, an bithlárnachas in áit an daonlárnachais. Is éard atá sé a rá ná go bhfuil an duine daonna ag cur na timpeallachta nádúrtha ó mhaith, agus go bhfuil an timpeallacht nádúrtha níos tábhachtaí ná an duine daonna. Mar sin, ní mór na daoine iomarcacha a mharú scun scan, éirí as úsáid na teicneolaíochta agus sochaí nua a chur ar bun a bheadh bunaithe ar an eacnamaíocht fhéinchothaitheach agus ar an talmhaíocht.
 
D'fhorbair sé na smaointí seo i gcupla leabhar a d'fhoilsigh sé ina dhiaidh sin, mar atá, ''Johdatus 90-luvun ajatteluun'' (1989, "Uraiceacht Smaointeachas na Nóchaidí") agus ''Voisiko elämä voittaa?'' (2004, "An bhféadfadh an bheatha buachanbua a bhreith?")
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1932|Linkola, P]]