An difríocht idir athruithe ar: "The Great Dictator"

Content deleted Content added
An Chéad Dréacht
 
Rang +IV
Líne 1:
[[Scannánaíocht|Scannán]] ón mbliain [[1940]] is ea '''The Great Dictator''', leis an aisteoir grinn mór le rá, [[Charlie Chaplin]]. Bhí Chaplin ina stiúrthóir ar an scannán agus bhí sé sa dá phríomhpháirt aisteoireachta chomh maith. Bhí sé seo ar an gcéad scannán cainte uaidh, chomh maith le bheith ar an scannán is mó rath uaidh. B'aoir nimhneach é ar an [[Faisisteachas|bhFaisisteachas]]. Is díol suntais é an scannán seo, ós rud é nár thuig go leor daoine cé chomh holc is a bhí [[Naitsíochas|na Naitsithe]] ag an am sin, mar nach raibh eolas ag an bpobal faoi na campaí báis. Ach déantar cur síos sonrach ar ghéarleanúint na nGiúdach sa scannán seo.
 
==Plota==
 
Cuirtear in aithne muid ar dtús leis an mbearbóir Giúdach gan ainm (Chaplin) agus é ag troid sa [[an Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogadh Domhanda]] ar son a thíre féin, Tomainia (tír fhicseanach arb ionann í agus [[an Ghearmáin]]). Buailtear é sa cheann ag deireadh an chogaidh agus caitheann sé fad fiche bliain in ospidéal agus a chuimhne caillte aige.
Filleann sé ar a ghairm bheatha ag deireadh na tréimhse sin agus gan tuiscint dá laghad aige ar chás polaitiúil a thíre féin, áit a bhfuil deachtóir darb ainm Adenoid Hynkel (Chaplin arís, agus é ag déanamh aithrise ar [[Adolf Hitler]]) tar éis teacht i réim. Is cuid thábhachtach í den phlota agus den ghreann, go bhfuil an bearbóir Giúdach ina mhacasamhail den deachtóir uafásach seo a bhfuil an ghráin dhearg aige ar na [[Giúdachas|Giúdaigh]].
Déantar aoradh chomh maith ar [[Benito Mussolini]], i bhfoirm an deachtóra fhicseanaigh Benzino Napaloni, atá ina cheannaire ar thír darb ainm Bacteria. Léirítear caidreamh cumhachta áiféiseach na beirte seo, tríd an eachtra ina bhfuil na deachtóirí ag iarraidh idirbheartaíocht a dhéanamh faoi smacht a ghlacadh ar Osterlich ([[An Ostair]]).
 
Líne 13:
==Gradam==
 
I 1997, d'fhógair Leabharlann Chomhdháil [[SAM]] an scannán seo a bheith "suntasach go cultúrtha, go stairiúil nó go haeistéiticiúil" agus roghnaíodh é le bheith caomhnaithe i gClárlann Scannán Náisiúnta na Stát Aontaithe.
 
==Naisc Sheachtracha==
Líne 19:
*[http://www.imdb.com/title/tt0032553/ Sonraí ''The Great Dictator'' ag IMDB]
*[http://www.americanrhetoric.com/MovieSpeeches/moviespeechthegreatdictator.html Físeán agus script na hóráide clúití deiridh sa scannán]
 
[[Catagóir:Scannáin]]
 
{{Link FA|ru}}
 
[[ar:الديكتاتور المهيب]]
[[ca:The Great Dictator]]
[[cs:Diktátor (film)]]
[[de:Der große Diktator]]
[[en:The Great Dictator]]
[[es:El gran dictador]]
[[eo:The Great Dictator]]
[[fr:Le Dictateur]]
[[hr:Veliki diktator]]
[[it:Il grande dittatore]]
[[he:הדיקטטור הגדול]]
[[nl:The Great Dictator]]
[[ja:独裁者 (映画)]]
[[nds:The Great Dictator]]
[[pl:Dyktator (film)]]
[[pt:The Great Dictator]]
[[ro:Dictatorul]]
[[ru:Великий диктатор (фильм)]]
[[sco:The Great Dictator]]
[[fi:Diktaattori (elokuva)]]
[[sv:Diktatorn]]