An difríocht idir athruithe ar: "Tuaisceart Éireann"

m
Ag baint "Flag_of_Northern_Ireland.svg" amach, scrios Ulster_banner.svg é ón Cómhaoin mar: Siebrand.
m (robot Adding: su:Irlandia Kalér)
m (Ag baint "Flag_of_Northern_Ireland.svg" amach, scrios Ulster_banner.svg é ón Cómhaoin mar: Siebrand.)
[[image:NImap-CIA.jpg|thumb|350px|Learscáil Thuaisceart Éireann]]
[[Image:Flag of Northern IrelandUlster_banner.svg|thumb|250px|Bratach Thuaisceart Éireann. Níl bratach seo an Tuaiscirt oifigiúil a thuilleadh, cé go bhfeictear ag cluichí sacair agus ag ócáidí lúthchleasaíochta eile í i gcónaí. Is féidir siombaileachas na hÉireann agus Shasana araon a aithint ar an mbratach, nó seasann an Lámh Dhearg do Chúige Uladh, ach fuarthas Cros Naomh Seoirse ó bhratach Shasana. Tá coróin na Ríochta Aontaithe ann freisin.]]
Is ionann '''Tuaisceart Éireann''' (''Northern Ireland'') agus limistéar na sé gcontae úd [[Contae Aontroma|Aontroim]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]], [[Contae Dhoire|Doire]], [[Contae an Dúin|An Dún]], [[Contae Thír Eoghain|Tír Eoghain]] agus [[Contae Fhear Manach|Fear Manach]] a dealaíodh ón gcuid eile d'[[Oileán na hÉireann]] nuair a tháinig an [[Conradh Angla-Éireannach]] i bhfeidhm sa bhliain [[1922]]. B'é an tAcht um Rialtas na hÉireann ón mbliain [[1920]] a shainigh críocha agus teorainneacha an stáitín, áfach, cé nach bhfuil teorainneacha cruinne gearrtha dó inniu féin, agus tá áiteanna ann nach féidir a rá fúthu go neamhdhébhríoch cé acu sa Tuaisceart nó sa Phoblacht atá siad suite. Baineann dhá dtrian de [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]] le Tuaisceart Éireann, ach tá sé de nós ag na h[[Aontachtóirí]] "Cúige Uladh" (''Ulster'') a thabhairt ar an stáitín. Stát féinrialaithe ann féin is ea Tuaisceart Éireann, nó go bunúsach, is slánaonad faoi fhéinrialtas é atá faoi fhorlámhas na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]], murab ionann agus an chuid eile d'oileán na hÉireann. Mar sin, is féidir é a chur i gcomparáid le [[Sasana]], leis [[an Bhreatain Bheag|an mBreatain Beag]] agus le [[Albain|hAlbain]].
 
2,927

edits