An difríocht idir athruithe ar: "Compás"

Content deleted Content added
m +IV +Íomhá
Rang +Naisc
Líne 1:
[[Íomhá:Kompas Sofia.JPG|thumb|280px|Compás]]
Is éard is '''compás''' nó '''compás mairnéalaigh''' ann ná gléas a úsáidtear leis na ceithre hairde a aithint thar a chéile agus leis an treoir cheart a aimsiú. Tá snáthaid [[maighnéadas|mhaighnéadach]] ann agus í á casadh de réir mar a luíonn línte an réimse mhaighnéadaigh timpeall [[an Domhain]]. Taobh thiar den tsnáthaid, tá aghaidh an chompáis, agus airde an chompáis péinteáilte nó priontáilte uirthi i bhfoirm a chuirfeadh bláth i gcuimhne duit, agus a dtugtar rós an chompáis uirthi. Nuair a luíonn leath thuaidh na snáthaide le tuaisceart an róis, is féidir na hairde eile a aithint ar an rós.
 
==Airde an Chompáis as Gaeilge==
 
Is iad an tuaisceart, an deisceart, an t-iarthar agus an t-oirthear príomhairde an chompáis, ach aithnítear airde eile eatarthu. Is iad airde an chompáis as [[Gaeilge]] ná:
[[Íomhá:Compass thumbnail.jpg|thumb|280px|Airde an Chompáis]]
* ó thuaidh
Líne 40:
* ó thuaidh.
 
In áiteanna, go háirithe i nGaeilgen[[Gaeilge na Mumhan]], is féidir "pointe" a chloisteáil in áit "lámh". Seasann an dá fhocal seo do ''by'' an Bhéarla (siar ó thuaidh lámh thiar = ''nortwest by west'').
 
Na hairde a thugtar thuas, tugtar san fhoirm iad a bheadh á húsáid ar bhord an bháid atá ag dul i dtreo áirithe. An breathnóir a d'fheicfeadh an bád chuige ó threo áirithe, bheadh córas eile in úsáid aige as Gaeilge. An bád atá ag seoladh '''ó thuaidh''' - i dtreo an tuaiscirt - is féidir linn a rá freisin go bhfuil sí ag seoladh '''aneas''' - ó threo an deiscirt. Cosúil leis sin, deirtear go bhfuil an bád atá ag teacht ó threo an iarthair, go bhfuil sí ag teacht '''aniar''', an bád atá ag teacht ó threo an oirthir go bhfuil sí ag teacht '''anoir''', agus an bád atá ag teacht ó threo an tuaiscirt go bhfuil sí ag teacht '''aduaidh'''.
 
[[Catagóir:Loingseoireacht]]
 
[[ar:بوصلة]]