An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Abkhaz-Adyghe"

Content deleted Content added
No edit summary
m Naisc
Líne 1:
[[Íomhá:Northwest Caucasian languages (en).svg|300px|thumb|Teangacha Cugasacha Iar-Thuaisceartacha]]
Is [[Fine teangacha|grúpa teangacha]] iad na '''teangacha Abkhaz-Adyghe''', na '''teangacha Pontacha''' nó na '''teangacha Cugasacha Iar-Thuaisceartacha''' a labhraítear i réigiún Cugasach na [[An Rúis|Rúise]], sa [[An Tuirc|Tuirc]] agus sa [[An tSeoirsia|tSeoirsia]]. Tá na [[Teanga (cumarsáid)|teangacha]] seo chomh bocht i ngutaí agus atá siad saibhir i gconsain, nó is iomaí cineál comhurlabhairt is féidir a chur le consan sna teangacha seo. Teangacha táite iad chomh maith, is é sin, teangacha ina mbaintear úsáid as a lán míreanna gramadúla éagsúla a ghreamaítear de thamhain na bhfocal.
 
Ní bhíonn díochlaonadh na n-ainmfhocal róchasta sna teangacha seo, ach is scéal eile ar fad é réimniú na mbriathar. Bíonn míreanna gramadúla sna briathra a chuireann in iúl comhréir iomlán na habairte, a bheag nó a mhór. Sa [[Gaeilge|Ghaeilge]], níl ach aon chineál amháin de mhíreanna in úsáid - na cinn a thugann le fios pearsa agus uimhir an ainmní (''tuga'''im''''', ''tuga'''imid'''''), agus na cinn seo féin ag géilleadh do chóras níos simplí (''tugann mé, tugann muid''). Ní cheadaítear ach aon bhriathar finideach amháin san abairt, go prionsabalta. Mar sin, ní cheadaítear fochlásail ach an oiread, agus ní mór dul i muinín córas casta rangabhálacha agus infinideach le ciall an fhochlásail a aistriú go ceann de na teangacha seo. Agus an méid seo ráite, is gá cuimhne a choinneáil air go bhfuil an [[Rúisis]] ag imirt a tionchair ar na teangacha seo, ionas go bhfuil sé ag éirí indéanta fochlásail a úsáid iontu, sa teanga Abkhaz ar a laghad.
 
Áirítear go bhfuil cúig theanga san fhine seo, mar atá, an teanga Abaza, an teanga Abkhaz, an teanga Ubykh, an Chabardais agus an teanga Adyghe. Chuaigh an teanga Ubykh as úsáid sa bhliain 1992, nuair a bhásaigh an cainteoir dúchais deireanach, Tevfik Esenç, sa Tuirc, i sráidbhaile Hacı Osman i réigiún Marmara. Bhí teangeolaithe ar nós Georges Dumézil agus George Hewitt an teanga a thaifeadadh go cuimsitheach, agus rinne siad cairdeas maith le hEsenç, a bhí ina thogha seanchaí agus ina fhaisnéiseoir ag na taighdeoirí. Bhí ciall mhaith aige dá theanga dhúchais, agus é ábalta í a labhairt gan an iomarca focal iasachta ón [[Tuircis]] ná ón teanga Adyghe a tharraingt chuige. Bhí an dá theanga seo go líofa aige, áfach, agus chuidigh sé leis na teangeolaithe an teanga Ubykh agus an teanga Adyghe a chur i gcomparáid le chéile.
 
Is iad an teanga Abkhaz agus an teanga Abaza an dá theanga is gaolmhaire leis an teanga Ubykh. Le fírinne, is féidir a rá gur contanóid chanúnach iad an teanga Abkhaz agus an teanga Abaza, is é sin, go bhfuil ceann den bheirt ag iompú ina cheann eile acu de réir mar a leantar slabhra na gcanúintí idir leaganacha caighdeánacha an dá theanga. Tá an teanga Abaza níos casta ó thaobh na bhfuaimeanna de ná an teanga Abkhaz. Tá stádas oifigiúil ag an teanga Abkhaz in Oirthear na Seoirsia, sa phoblacht fhéinrialaitheach úd Abkhazia; maidir leis an teanga Abaza, áfach, níl stádas oifigiúil aici in aon áit.