An difríocht idir athruithe ar: "Adam Mickiewicz"

Content deleted Content added
Leathanach nua: B'é '''Adam Bernard Mickiewicz''' (Zaosie 24 Nollaig 1798 - Cathair Chonstaintín 26 Samhain 1855) file náisiúnta na Polainne. In éineacht le Juliusz Słowacki agus [[Zygmunt...
 
Rang +IV +Íomhánna +Naisc
Líne 1:
[[Íomhá:Adam Mickiewicz.jpg|thumb|200px|Adam Mickiewicz]]
B'é '''Adam Bernard Mickiewicz''' (Zaosie [[24 Nollaig]] [[1798]] - Cathair Chonstaintín [[26 Samhain]] [[1855]]) [[file]] náisiúnta na [[An Pholainn|Polainne]]. In éineacht le [[Juliusz Słowacki]] agus [[Zygmunt Krasiński]], áirítear é ar an bhfile is mó de chuid an Rómánsachais Pholannaigh, agus é á chur i gcomparáid le [[George Gordon, Lord Byron|Byron]] féin ó am go ham.
 
==A Óige==
Uaisle ab ea iad muintir Mickiewicz ó thaobh na dtaobhann. Mikołaj Mickiewicz a bhí ar a athair, agus b'í Barbara ''née'' Majewska a mháthair. D'fhás sé suas sa [[An Liotuáin|Liotuáin]] stairiúil, i gceantar ar cuid den [[An Bhealarúis|Bhealarúis]] é inniu. Chuaigh sé ag staidéar in ollscoil [[Vilnius]] (Wilno), agus ansin, chuir sé suim sa [[náisiúnachas]] agus sa réabhlóideachas. San am seo, bhí críochdheighilt tar éis dul ar an bPolainn agus ar an Liotuáin, agus theastaigh ó na Polannaigh a dtír a shaoradh ó bhráca na Prúise, na [[An Ostair|hOstaire]] is na [[An Rúis|Rúise]]. Mar sin, bhí cumainn rúnda ag obair go gníomhach i measc an aos léinn.
 
==Mickiewicz mar Scríbhneoir==
I ndiaidh dó a chéim a bhaint amach, chuaigh Adam óg ag múinteoireacht i Kaunas (Kowno) sa Liotuáin. Sa bhliain 1823, tháinig na péas ar a lorg, agus díbríodh as fód a dhúchais é. Shocraigh sé síos i gCathairg[[Cathair Pheadair]], ach ó bhí sé tar éis cupla leabhar filíochta a fhoilsiú cheana féin, fuair sé fáilte chairdiúil ó scríbhneoirí Rúiseacha na háite ar thaitin a chuid dánta leo. Thairis sin, chuaigh a chuid dea-bhéasaíochta agus óráidíochta go mór i bhfeidhm ar aos intleachta na cathrach. Sa bhliain 1825, chaith sé seal sa Chrimé, agus fuair sé inspioráid sraith dánta a chumadh - ''Sonety Krymskie'', nó Soinéid na Crimé.
 
Sa bhliain 1828, d'fhoilsigh sé dán mór eipiciúil - ''Konrad Wallenrod''. Tugann an mórshaothar seo cur síos ar na Ridirí Teotanacha, agus iad ag cur cogaidh ar na Liotuánaigh Phágánta. Fáthscéal atá ann a fuair spreagadh ó choimhlint na bPolannach agus na Rúiseach, ach níor aithin cinsirí an tSáir é, agus mar sin, cuireadh an dán i gcló.
 
Nuair a fuair Mickiewicz cead taistil arís, thréig sé an Rúis agus chuaigh sé ar imirce go dtí [[an Ghearmáin]], agus ina dhiaidh sin, go dtí an Iodáil. B'ansin a chum sé an chéad dá dhán eipiciúla eile, mar atá, ''Dziady'' ("Oíche Shamhna") agus ''Pan Tadeusz'' ("An Tiarna Tadeusz"). [[Úrscéal]] iomlán i bhfoirm véarsaíochta is ea é ''Pan Tadeusz'', agus is é an saothar is faide a tháinig as a pheann. Cur síos atá ar shaol na tuaithe is na n-uasal sa Liotuáin (is é sin, i sean-Ard-Diúcacht na Liotuáine, - le fírinne, tá fód dúchais Mickiewicz sa Bhealarúis inniu), agus é suite sa bhliain 1812, faoin am ar fhéach na Polannaigh is na Liotuánaigh lena sean-neamhspleáchas a bhaint amach arís, le cuidiú [[Napoleon]].
 
Sa bhliain 1832, thréig Mickiewicz [[an Iodáil]] agus d'aistrigh sé go [[Páras]]. Chaith sé cupla bliain i mbochtanas, agus phós sé Celina Szymanowska, bean Pholannach de phór Ghiúdach. Níor iompaigh an pósadh amach rathúil, nó buaileadh Celina breoite le galar intinne go gairid ina dhiaidh sin. Fuair Adam Mickiewicz post léachtóireachta sa ''Collège de France'', ansin, mar Ollamh le Léann Slavach. San am seo, áfach, bhí sláinte a intinne ag teip air féin, agus an cruachás a ndeachaigh sé tríd. Níor éirigh an léachtóireacht leis, nó bhí sé ag tarraingt cúrsaí polaitíochta agus creidimh chuige nuair ba chóir dó bheith ag tabhairt cuntais ar an litríocht. Sa bhliain 1844, i ndiaidh trí bliana léachtóireachta, d'éirigh sé as an bpost. Bhí sé faoi thionchar fhealsúnacht Mheisiasach Andrzej Towiański, smaointeoir mistiúil reiligiúnda ón bPolainn a bhí ag cur faoi san [[An Fhrainc|Fhrainc]] i dtús na [[1840idí]], agus ní raibh smaointeachas Towiański ag taithneamh le rialtas na Fraince ná fiú le cuid mhaith de na himirceoirí Polannacha i bPáras.
 
[[Íomhá:Pomnik Mickiewicza Krakow.jpg|thumb|200px|Dealbh cuimhneacháin i gCearnóg Główny (Cracó) do Mickiewicz]]
Nuair a phléasc trioblóidí réabhlóideacha amach ar fud na hEorpa sa bhliain 1848, d'fhéach Mickiewicz le Léigiún Polannach a earcú as measc lucht na himirce - arm a rachadh go dtí an Pholainn leis an tír a shaoradh ó bhráca na Rúise. Ina dhiaidh sin, bhunaigh sé an iris úd ''La Tribune des Peuples'', nó "Ardán na Náisiún", i bPáras. Bhí an iris dírithe ar chás na náisiún is na náisiúntachtaí a bhí faoi bhráca na Rúise agus na gcumhachtaí móra eile a chur os comhair an tsaoil mhóir. Ní raibh an iris ag teacht amach ach ar feadh bliana, nó ansin, b'éigean do na húdaráis Fhrancacha í a dhúnadh síos faoi bhrú ambasáid na Rúise.
 
==Deireadh a shaol==
Fuair Adam Mickiewicz bás sa bhliain 1855. San am sin, bhí na Sasanaigh agus na Rúisigh ag cur [[Cogadh na Crimé|cogaidh]] ar a chéile faoin gCrimé, agus theastaigh ó Mickiewicz saighdiúirí Polannacha a earcú ina Léigiún Polannach le páirt a ghlacadh sa chogadh. Nuair a bhí sé ag tabhairt cuairte ar champa míleata sa [[An Tuirc|Tuirc]], tholg sé calar, agus stiúg sé leis an aicíd seo go luath. hAdhlacadh i bPáras é, ach tugadh a chnámha go dtí [[Cracó]] sa Pholainn sa bhliain 1900.
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí|Mickiewicz, Adam]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1798|Mickiewicz, Adam]]
[[Catagóir:Básanna i 1855|Mickiewicz, Adam]]
[[Catagóir:Stair na Polainne|Mickiewicz, Adam]]
 
[[an:Adam Mickiewicz]]
[[be:Адам Міцкевіч]]
[[be-x-old:Адам Міцкевіч]]
[[bs:Adam Mickiewicz]]
[[bg:Адам Мицкевич]]
[[cs:Adam Mickiewicz]]
[[co:Adam Mickiewicz]]
[[da:Adam Mickiewicz]]
[[de:Adam Mickiewicz]]
[[el:Αντάμ Μιτσκιέβιτς]]
[[en:Adam Mickiewicz]]
[[es:Adam Mickiewicz]]
[[eo:Adam Mickiewicz]]
[[fr:Adam Mickiewicz]]
[[fur:Adam Mickiewicz]]
[[gl:Adam Mickiewicz]]
[[ko:아담 미츠키에비치]]
[[hr:Adam Mickiewicz]]
[[os:Мицкевич, Адам]]
[[it:Adam Mickiewicz]]
[[he:אדם מיצקביץ']]
[[ka:ადამ მიცკევიჩი]]
[[lv:Ādams Mickēvičs]]
[[lij:Adam Mickiewicz]]
[[lt:Adomas Mickevičius]]
[[nl:Adam Mickiewicz]]
[[ja:アダム・ミツキェヴィチ]]
[[nap:Adam Mickiewicz]]
[[no:Adam Mickiewicz]]
[[pap:Adam Mickiewicz]]
[[pms:Adam Mickiewicz]]
[[pl:Adam Mickiewicz]]
[[pt:Adam Mickiewicz]]
[[ro:Adam Mickiewicz]]
[[ru:Мицкевич, Адам]]
[[sc:Adam Mickiewicz]]
[[scn:Adam Mickiewicz]]
[[sk:Adam Mickiewicz]]
[[sl:Adam Mickiewicz]]
[[fi:Adam Mickiewicz]]
[[sv:Adam Mickiewicz]]
[[vi:Adam Mickiewicz]]
[[uk:Міцкевич Адам]]
[[vec:Adam Mickiewicz]]
[[zh:亚当·密茨凯维奇]]