An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha"

no edit summary
m (Athainmníodh Sóisialaithe Réabhlóideacha (páirtí sa Rúis) mar Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha: Per WP:NAME)
[[Íomhá:1917PartiyaSoz-Rev.jpg|thumb|220px|Póstaer don toghchán sa bhliain 1917. An téacs thuas: ''An Páirtí Sóis.-Réabh.'' An téacs atá á iompar ag na léirsitheoirí: ''Sa chath a bhainfidh tú amach do cheart.'' An téacs ar an gcruinneog: ''Talamh agus Saoirse''.]]
B'é '''Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha''' ([[Rúisis]]:''Партия социалистов-революционеров/Partiya Sotsialistov-Revolyutsionerov'') an ceann ba tábhachtaí de pháirtithe na heite clé in [[Impireacht na Rúise]] roimh chaithréim na mBoilséiveach. Bunaíodh an páirtí sa bhliain [[1902]], ach roimhe sin féin, bhí grúpaí áitiúla ar fud [[An Rúis|na Rúise]] a dtugadh "na Sóisialaithe Réabhlóideacha" orthu féin. Bhí fréamha na ngrúpaí seo i ngluaiseachtaí tuathghríosóireachta na naoú haoise déag, agus iad ag iarraidh scológa bochta na Rúise a spreagadh chun ceannairce.