An difríocht idir athruithe ar: "Imeacht na nIarlaí"

Content deleted Content added
m naisc
Nasc le saothar Thaidhg Uí Chianáin
Líne 1:
Tar éis [[Cath Chionn tSáile|Chath Chionn tSáile]] i [[1601]], chúlaigh taoisigh na n[[Gael]] go [[Cúige Uladh]], agus ghéilleadar do na Sasanaigh i [[1603]]. Ba iad [[Aodh Ó Néill]], iarla [[Contae Thír Eoghain|Thír Eoghain]], agus [[Aodh Rua Ó Domhnaill]] na cinnirí a bhí ar na Gaeil le linn [[Cogadh na Naoi mBliana|Chogadh na Naoi mBliana]]. Sa bhliain [[1607]], sheol triúr Taoiseach Gaelach, [[Aodh Ó Néill]], [[Ruairí Ó Domhnaill]] agus [[Cúchonnacht Mag Uidhir]], amach as [[Cuan Suillí Móire]] chun na deoraíochta. D'imigh Ó Domhnaill chun [[An Spáinn|na Spáinne]] áit a bhfuair sé bás. Lean na coilínithe orthu á gciapadh áfach mar gur shíl siad go raibh an Leasrí róbhog ar na daoine a chuir cogadh orthu, agus sa deireadh bheartaigh Ó Néill agus [[Ruairí Ó Domhnaill]], a bhí ina chomharba ar Aodh Rua, ar imeacht as a dtailte. Ba é [[Cúchonnacht Mag Uidhir]], Tiarna Fhear Manach a d'eagraigh an turas. Tháinig long Bhriotánach go [[Loch Suilí]] i bhfíorthuaisceart na tíre, agus tugadh nócha duine ar bord chun na Spáinne. Tugtar '''Teitheadh na nIarlaí''' ar an eachtra sin. Chuaigh siad as sin chun [[An Róimh|na Róimhe]], áit a bhfuair Ó Néill bás i [[1616]]. Chuir na huaisle Gaelacha fúthu ar an Mór Roinn, go háirithe i dtíortha [[Caitliceachas|Chaitlicigh]] na h[[an Eoraip|Eorpa]], ar nós na [[an Fhrainc|Fraince]] agus na [[an Spáinn|Spáinne]].
 
==Naisc Sheachtracha==
 
[http://www.ucc.ie:8080/cocoon/celt/G100070 Imeachtaí na nIarlaí le Tadhg Ó Cianáin]
 
{{stumpa}}
[[Catagóir:Stair na hÉireann]]