An difríocht idir athruithe ar: "Cath an tSléibhe Bháin"

Content deleted Content added
Viciln (plé | dréachtaí)
Leathanach nua: Cath an tSléibhe Bháin Bhí Cath an tSléibhe Bháin, 8 Samhain 1620 (Bílá hora a tugtar ar an Sliabh Bán sa tSeicis) ar cheann de na chéad cathanna a fearadh i gCogadh na dTr...
 
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 3:
Bhí Cath an tSléibhe Bháin, 8 Samhain 1620 (Bílá hora a tugtar ar an Sliabh Bán sa tSeicis) ar cheann de na chéad cathanna a fearadh i gCogadh na dTríocha Bliain, mar a chuir arm 25,000 fear de chuid airm Fherdinand I, Impire Naofa na Róimhe faoin gceannaire Karel Boneventura Buquoy, agus airm na Léige Caitlicí faoi Johan Tzerclaes Cúnta Tilly, an ruaig ar 20,000 Bóiméach agus amhas faoi Christian Anhalt ag Bíla Hora, láimh le Prág. Chuir an cath deireadh le tréimhse Bóihéimeach an Chogadh na dTriocha Bliain.
 
[edit]
Réamhrá
D’éirigh go maith ar dtús le héirí amach na bProtastúnach sa Bhóihéim, agus d’éirigh leo scóp an éirí amach a leathnú trí Fheardorcha V, Toghdóir na pailitíne a thogha mar rí orthu féin/ Ach d’iompaigh an taoide ina gcoinne nuair a chruinnigh Maximilian 1, Diúc na Báváire, fórsaí na Léige Caitlicí. Chuir sé siúd Tilly ar cheann airm go Prág. Lean Christian Anhalt é agus tháinig sé amach rompu ar bhóthar Phráig lena chuid fórsaí féin,
[edit]
An Cath
Chruinnigh an ceannaire Bóihéimeach, Christian Anhalt, a chuid saighdiúirí, agus ghlacadar seilbh ar leataobh an chnoic (Bílá Hora sa tSeicish, Weißer Berg sa Ghearmáinis, nó an Sliabh Bán) ag dúnadh bhóthar Phráig ar Tilly. Bhí ionad maith cosanta acu, a eite dheas le caisleán seilge, sruthán lena eite chlé, agus sruthán is talamh riascach amach rompu.
Line 14 ⟶ 12:
I measc na saighdiúirí a fuair moladh speisialta ón Impire mar gheall ar a gcrógacht sa chath bhí an captaen [[Somhairle Mac Domhnaill]] a bhí i gceannas ar chomplacht muscaed i reisimint Verdugo.
 
 
[edit]
Toradh an Chatha
Agus arm na Bóihéime briste, ghabh Tilly seilbh ar Phrág agus tháinig deireadh leis an éirí amach. D’ealaigh an rí Feardorcha agus a bhean Elizabeth (as sin a fuair sé an leas-ainm Rí an Gheimhridh). Cuireadh seachtar is fiche de na huaisle a bhí i gceannas an éirí amach chun báis i gCearnóg an tSeanbhaile i bPrág.
De réir a chéile cuireadh deireadh le saoirse chreidimh sa Bhóihéim agus theith na Protastúnaigh nó ruaigeadh iad as an tír. In iarracht na cúigí ceannairceacha san Ísiltír a thimpeallú ghabh arm na Spáinne an Phailitín. Ba ansin, agus na Protastúnaigh i riocht a mbuailte sa ghearmáin, a tháinig an Danmhairg isteach sa chogadh.
 
 
[edit]
An Litríocht
Tá Cath an tSléibhe Bháin mar chúlra le cuid mhór de na himeachtaí san úrscéal [[An Cléireach]] (Leabhar Breac 2007) le [[Darach Ó Scolaí]]