An difríocht idir athruithe ar: "Sraithmharfóir"

Content deleted Content added
Naisc +Rang +IV
Líne 1:
Is éard is '''sraithmharfóir''' ann ná duine a bhfuil triúr daoine, ar a laghad, maraithe aige ar mhaithe le sult agus sásamh [[Síceolaíocht|síceolaíoch]], agus tréimhse sách fada scíthe idir gach dhá [[dúnmharú|dhúnmharú]]. Is é sin, bíonn sé ag marú duine i ndiaidh duine go tráthrialta. Bíonn neamhord frithshóisialta pearsantachta de chineál éigin ag luí ar na sraithmharfóirí go léir, ach má bhíonn féin, is annamh is féidir [[síceapaite]] i gciall cheart an téarma a chur ina leith. Ní bhíonn siad ina síocóisigh, áfach - is é sin, ní aithneofá ar dhuine acu gur "fear buile" atá agat ansin. A mhalairt ar fad, is féidir leo "púicín na slánchéille" a chur orthu féin. Is minic a bhaineann siad sult collaí de chineál éigin as a gcuid gníomhartha. De ghnáth, is féidir scéim éigin a aithint ar na dúnmharuithe a dhéanann an sraithmharfóir - bíonn na híobartaigh cosúil le chéile, nó tugann an ciontóir an íde chéanna do gach corpán, mar shampla.
 
Dealraíonn sé gur cumadh an focal féin "sraithmharfóir" (Béarla: ''serial killer'') thiar sna [[1970idí|seachtóidí]], nuair a bhí sraithmharfóirí míchlúiteacha cosúil le Ted Bundy agus David Berkowitz i mbéal an phobail. Is dócha gur gníomhaire de chuid an [[FBI]] a cheap an téarma - b'fhéidir Robert Ressler, a bhí sáite ina lán fiosruithe faoi shraithmharfóirí, go háirithe cásanna [[Jeffrey Dahmer]] agus Richard Chase.
 
==Sraithmharfóirí ar chuala an saol mór iomrá orthu==
 
* [[David Berkowitz]] - ''Son of Sam''. Bhíodh sé ag géarleanúint lánúineacha óga i [[Nua-Eabhrac]] sna seachtóidí, agus mharaigh sé seisear - an chuid eile acu siúd ar lámhach sé leo, tháinig siad beo as an drocháit. Tá sé i dtóin an phríosúin ón mbliain 1977 anuas.
 
* [[Ted Bundy]] - mharaigh sé mná óga sna [[SAM|Stáit Aontaithe]] sna blianta 1974-78. Ba nós leis a chuid íobartach a éigniú is a thachtadh. Cuireadh chun báis é sa bhliain 1989.
 
* [[John Wayne Gacy]] - "An Bobaide Marfach". Chuireadh sé éadaí an bhobaide air féin leis na páistí a ghiúmaráil. Le fírinne, ba nós leis páistí agus fir óga a éigniú agus a mharú. Cuireadh chun báis é sa bhliain 1994.
 
* [[Karla Homolka]] agus [[Paul Bernardo]] - lánúin óg [[Ceanada|Cheanadach]] a bhí ag fuadach cailíní óga agus á marú le sult collaí a bhaint astu sna blianta 1990-92. I measc a gcuid íobartach, bhí deirfiúir Karla, Tammy Homolka, nach raibh ach cúig bliana déag d'aois.
 
* [[Lenny Murphy]] - ceann feadhna "[[Búistéirí na Seanchille|Bhúistéirí na Seanchille]]" a bhí ag rith damhsa i dTuaisceartd[[Tuaisceart Éireann]] sna seachtóidí. Cé go raibh cuma an fhoréigin sheictigh ar dhúnmharuithe na droinge, dealraíonn sé gur sraithmharfóireacht a bhí i gceist i ndiaidh an iomláin.
 
[[Catagóir:Dúnmharú]]
 
[[bg:Сериен убиец]]
[[cs:Sériová vražda]]
[[da:Seriemorder]]
[[de:Serienmörder]]
[[en:Serial killer]]
[[es:Asesino en serie]]
[[eo:Seria murdisto]]
[[fa:آدم‌کشی زنجیره‌ای]]
[[fr:Tueur en série]]
[[io:Seria ocidanto]]
[[is:Raðmorðingi]]
[[it:Serial killer]]
[[he:רוצח סדרתי]]
[[hu:Sorozatgyilkos]]
[[nl:Seriemoordenaar]]
[[ja:連続殺人]]
[[no:Seriemord]]
[[uz:Serial qotil]]
[[pl:Seryjny morderca]]
[[pt:Assassino em série]]
[[ru:Серийный убийца]]
[[simple:Serial killer]]
[[fi:Sarjamurhaaja]]
[[sv:Seriemördare]]
[[th:ฆาตกรต่อเนื่อง]]
[[tr:Seri katil]]