An difríocht idir athruithe ar: "Darach Ó Scolaí"

Content deleted Content added
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 3:
Bhuaigh [[An Cléireach]], [[úrscéal]] atá suite sa chéad leath den [[17ú haois]], Duais an Oireachtais 2007. D'fhoilsigh Leabhar Breac an leabhar i 2007.
 
Léiríodh dhá dhráma stáitse leis an údar,'' [[Coinneáil Orainn]]'' (An Taibhdhearc 2005) agus '[['An Braon Aníos]]'' (Salamandar 2006, 2007). [[Scannánaíocht|Scannánaíodh]] dhá ghearrdhráma eile leis, ''Cosa Nite'' (Rosg 1998) agus ''An Leabhar'' (Rosg 2000). Bhuaigh ''Coinneáil Orainn'' Duais Bhaitéir uí Mhaicín agus an BBC NI Stewart Parker Award 2006. Tá scripteanna ''Coinneáil Orainn'' agus ''An Braon Aníos'' ar fáil ó Leabhar Breac, agus foilsíodh leagan próis de ''Cosa Nite'' (Rosg 2000).
 
Bhunaigh Darach Ó Scolaí an comhlacht foilsitheoireachta [[Leabhar Breac]] i 1995 in éineacht lena dheartháir, an clóghrafadóir, Caomhán Ó Scolaí. Is iad Leabhar Breac a d'fhoilsigh na húrscéalta le [[Liam Mac Cóil]], ''An Dochtúir Áthas'' (1995), ''An Claíomh Solais'' (2000), agus [[Fontenoy (úrscéal)|Fontenoy]] (2006), agus an t-urscéal is deireanaí le [[Seán Mac Mathúna]], ''Hula Hul''.