An difríocht idir athruithe ar: "Seán Ó Neachtain (Scoláire Gaeilge)"

Content deleted Content added
Leabhar eile sa liosta
Eolas agus tagairt/leabhair/naisc bhreise
Líne 10:
==Saothar==
 
Chaith Seán an-chuid ama ar aistriúcháin a dhéanamh ar ábhair chráifeacha, ach ní go ró-mhaith a bhí sé ag an gceird seo, dar le Cathal Ó hÁinle.<ref>Ní Mhurchú agus Breatnach, ''Beathaisnéis: 1560-1781'', (Baile Átha Cliath, 2001) lth. 161-163</ref> Bhain a chuid filíochta le cúrsaí agus polaitíocht an lae. Cé nach filíocht den scoth a bhí ann, léirigh sé tuiscint an-mhaith ar mheadarachtaí agus ar fhoclaíocht ina chuid dánta.
 
Rinneadh sé aoradh ina chuid scríbhinní ar scríobhaithe Gaeilge eile cosúil le [[Diarmaid Ó Conchubhair]] agus [[Cathal Ó Luinín]], fir a raibh sé in achrann leo de réir cuma. Bhí rian an [[Seacaibíteachas|tSeacaibíteachais]] le sonrú go mór ar a chuid dánta agus a chuid scéalta. Sampla maith de seo ná an dán a scríobh sé (''Dhá fhear déag is Píobaire'') agus é ag cur in aghaidh na sagart a shéan na Stíobhartaigh in Aibiúráisean 1709. Tá an dán seo curtha in eagar ag [[Pádraig Ó Fágáin]], ina leabhar, ''Éigse na hIarmhí''. Ina éineacht leis sin, chum sé caoineadh darb ainm ''Fáth Éagnach mo Dheor'' <ref>Williams agus Ní Mhuiríosa, ''Traidisiún Liteartha na nGael'', (Baile Átha Cliath 1979/2001) lth. 265</ref> ar an dara bean chéile ag [[Séamus II]], Máire, sa bhliain 1715.
 
Ach is é an saothar is mó cáil uaidh ná [[Stair Éamuinn Uí Chléire|Stair Éamuinn Uí Chléire de réir Sheáin Uí Neachtain]]. Scéal é seo ar shaol fir, a bhfuil cuma dhírbheathaisnéiseach air. Chuir Eoghan Ó Neachtain eagar air agus d’fhoilsigh é sa bhliain 1918.
 
I measc na scéalta eile uaidh tá ''An Gleacaí Géaglonnach'', ''Imeachtaí Cúigear'', agus ''Jacobides et Carina''. Tá sé ráite ag [[Cathal Ó hÁinle]], go raibh buneilimintí an úrscéil le fáil i saothair phróis Uí Neachtain, ach nár tháinig an fhorbairt cheart orthu sa Ghaeilge, faoi mar a tharla i gcás an Bhéarla ag an am.<ref>Harrison, ''Ag Cruinniú Meala'', (Baile Átha Cliath, 1988) lth. 54</ref> Níl na scéalta eile seo curtha in eagar ná i gcló go fóill.
 
Fuair sé bás i mí na Márta 1728/29. Dúirt a mhac Tadhg gur scríobh sé ''Do ghuidh mé Muire Mháthair'', ar leaba a bháis.
Líne 26:
==Leabhair==
 
* [http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?manufacturers_id=&products_id=2227 Ní Mhurchú agus Breatnach, ''Beathaisnéis: 1560-1781'', (Baile Átha Cliath, 2001)] ISBN 0-903758-76-8
* [http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?manufacturers_id=&products_id=4216 Ó Buachalla, ''Nua-Dhuanaire II'', (1976)] ISBN 0901282707
* Ó Fágáin, ''Éigse na hIarmhí'' (Baile Átha Cliath, 1985)
* Ó Neachtain, ''Scéal Éamuinn Uí Chléire'', (Baile Átha Cliath, 1918)
* [http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?manufacturers_id=&products_id=1516 Harrison, ''Ag Cruinniú Meala'', (Baile Átha Cliath, 1988)]
* [http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?manufacturers_id=&products_id=2305 Williams agus Ní Mhuiríosa, ''Traidisiún Liteartha na nGael'', (Baile Átha Cliath, 1979/2001)]
 
==Naisc Sheachtracha==