An difríocht idir athruithe ar: "Liam Mac Cóil"

Content deleted Content added
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
I m[[Baile Átha Cliath]] a rugadh''' Liam Mac Cóil''' sa bhliain 1952, tá cónaí anois air i [[Gaeltacht|nGaeltacht]] [[Ráth Cairn]] i [[Contae na Mí|gContae na Mí]]. Tá leabhair, ailt, agus aistí scríofa aige faoi chúrsaí [[litríocht|litríochta]], staire, ceoil, ealaíon, agus teilifíse. Chaith sé tréimhse ag obair leis an gCoiste Téarmaíochta i [[Baile Átha Cliath|mBaile Átha Cliath]] sula ndeachaigh sé go lánaimseartha leis an scríbhneoireacht. Is comh-eagarthóir é ar an iris litríochta ''Bliainiris''.
 
Ba é a úrscéal ''An Dochtúir Áthas'' ([[Leabhar Breac]] 1994, ISBN 1898332002) an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta The Irish Times Literary Awards. Ó shin foilsíodh úrscéal leis, ''An Claíomh Solais'' (Leabhar Breac, 1998), dialann scríbhneoreachta ''Nótaí ón Lár'' (2002), leabhar do pháistí ''Toirealach Ó Cearúlláin'', agus úrscéal, ''Fontenoy'' (Leabhar Breac, 2005). Bhuaigh ''[[Fontenoy (úrscéal)|Fontenoy]]'' Gradam Uí Shúilleabháin 2006.
 
Stiúrthóir ar an gcomhlacht foilsitheoireachta Carbad é, agus comh-eagarthóir ar Bliainiris.
 
Níl aon úrscéalaí i nGaeilge inniu inchurtha leis ó thaobh cúraim, cruinnis is soiléireachta de, dar le h[[Alan Titley]] in The Irish Times.
Line 13 ⟶ 15:
''An Dochtúir Áthas'', Leabhar Breac 1994
''An Claíomh Solais'', Leabhar Breac 1998
''Bliainiris'', Carbad 2000-2002007 (irisleabhar litríochta bliantúil)
''Nótaí ón Lár: Dialann Mhantach'', Leabhar Breac 2003
''Fontenoy'', Leabhar Breac, 2005
 
Rugadh Liam Mac Cóil sa Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath agus ba ann a bhí cónaí air go dtí gur bhog sé go Ráth Cairn i ndeireadh na n-ochtóidí. Is iar-Eagarthóir Cúnta de chuid an Ghúim é agus iar-Rúnaí Taighde leis an gCoiste Téarmaíochta. Tá sé ar stiúrthóirí an ghrúpa foilsitheoireachta Carbad agus ón mbliain 1999 i leith tá sé féin agus an tOllamh Ruairí Ó hUiginn ina n-eagarthóirí ar an bhfoilseachán bliantúil Bliainiris (BÁC: Carbad, 2000-), díolaim d’ábhar ilghnéitheach.
 
 
Ba é An Dochtúir Áthas (Gaillimh: Leabhar Breac, 1994) a chead úrscéal in ainneoin gur foilsíodh roinnt mhaith gearrscéalta sna hirisí Gaeilge cheana. Ar an gcéad dul síos déarfaí go bpléann an leabhar le cúrsaí sícanailíse agus an gaol idir an dochtúir agus an cliant ach is iomaí leibhéal brí atá sa leabhar seo a bhfuil greann nach beag ag roinnt leis. Ainmníodh an leabhar ar ghearrliosta Dhuais The Irish Times agus tá an-mheas air ó shin. Bhain an dara húrséal aige An Claíomh Solais (BÁC: Carbad, 1998) le stáisiún teilifíse. In Notaí ón lár: dialann mhantach (Gaillimh: Leabhar Breac, 2003) léirítear an raon leathan spéise atá ag Mac Cóil agus go háirithe an tuiscint atá aige ar an gcultúr Eorpach.
 
Léiríodh drámaí raidió dá chuid ar RTÉ agus tá ailt critice aige ar scríbhneoirí cruthaitheacha na linne seo le fáil in irisí liteartha i mBéarla agus i nGaeilge.
 
==Naisc==