An difríocht idir athruithe ar: "Brian Mac Giolla Coinnigh"

Content deleted Content added
Wikify
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
'''Brian Mac Giolla Coinnigh''' (t.[[1582]]-t.[[1662]]), sagart in [[Ord Naomh Proinsias]]. Chuir sé Gaeilge ar ''Riaghuil treas uird S. Froinsias'' agus ghlac sé páirt lárnach in obair na bProinsiasach i [[Lobháin]] agus in [[Éire|Éirinn]].
 
B'as [[Cúige Chonnacht]] é, agus cuireadh mar mhac léinn chun na [[An Spáinn|Spáinne]] é ar dtús, agus ansin go [[Coláiste Naomh Antaine]] i Lobháin san Ísiltír Spáinneach i 1621. Oirníodh é ar an 19 Feabhra 1622. Bhí sé ina sheiplíneach i gcomplacht an chaptaein [[Somhairle Mac Domhnaill]] i bhFlóndras i 1623.
 
D'fhill sé ar Éirinn i 1627, agus i 1637 bhí sé ina ghairdian ar choinbhint an Oird i n[[Gaillimh]].
 
I 1644 ceapadh é ina phroibhinsial ar an Ord in Éirinn, agus ghlac sé páirt Nuinseas an [[Pápa|Phápa]], Jean Baptiste [[Rinnucini]], in aghaidh Mharcas Urmhumhan san aighneas a bhí in Éirinn idir lucht Chomhairle Chinn Choinnigh agus an [[Rí]] ag an am.
 
Tar éis teip [[Chomhairle Chill Chainnigh]], agus do [[Oilibhéar Cromail]] an tír a chur faoi smacht, b'éigean do Bhrian Mac Giolla Coinnigh dul ar a theitheadh. Tuairiscítear go raibh sé ar a sheachaint i sléibhte Chúige Uladh i 1656, agus go raibh sé ina phríosúnach in [[Inis Bó Finne]] i 1657.
 
Déantar léiriú ficseanúil ar Bhrian Mac Giolla Coinnigh san úrscéal [[An Cléireach]] (Leabhar Breac 2007) le [[Darach Ó Scolaí]].
 
==Naisc==