An difríocht idir athruithe ar: "Cín Lae Ó Mealláin"

Content deleted Content added
Viciln (plé | dréachtaí)
Leathanach nua: Cuntas Gaeilge is ea Cín Lae Ó Mealláin a coinníodh ar imeachtaí an chogaidh in Éirinn ó 1641-1647. Dialann chogaidh atá sa chín lae a thosaíonn ar an 22 Deireadh Fómhair...
(No difference)

Leagan ó 18:15, 28 Nollaig 2007

Cuntas Gaeilge is ea Cín Lae Ó Mealláin a coinníodh ar imeachtaí an chogaidh in Éirinn ó 1641-1647.

Dialann chogaidh atá sa chín lae a thosaíonn ar an 22 Deireadh Fómhair 1641 a thagan chun deiridh go tobann i mí Feabhra 1647. Cuntas lom tuairisciúil atá inti ar an gcogadh i gCúige Uladh agus i gCúige Laighean agus é scríofa ó sheasamh na nUltach. Ón gcaoi a bhfuil sí scríofa ba dhóigh go raibh sé i gceist ag an údar í a líonadh amach agus a athdhréachtú níos deireanaí. Le linn an chogaidh thug an sagart Proinsiasach Brian Mac Giolla Coinnigh treoir do na hoifigigh Chaitliceacha in arm an rí cuntas a choinneáil ar an gcogadh, agus is dóigh gur dá bharr sin a coinníodh an chín lae seo. Síltear go coitianta gurb é séiplíneach an uachtaráin Féilim Ó Néill, an sagart Proinsiasach Toirdheabhlach Ó Mealláin, údar na cín lae. Is in Ollscoil na hEireann, Corcaigh, atá an bhunscríbhinn anois


Tagairtí

Annalecta Hibernica III, Coimisiún Láimhscríbhinní na hÉireann, 1931 Beatháisnéis 1560-1781, Máire Ní Mhurchú & Diarmuid Breathnach, An Clóchomhar, 2001 .