An difríocht idir athruithe ar: "Coláiste Naomh Antaine"

Content deleted Content added
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Coláiste oiliúna do bhráithre Proinsiasacha Éireannacha a bhí i gColáiste Naomh Antaine i Lobháin san Ísiltír Spáinneach, a bhí lárnach in fheachtas an frith-reifirméisin in Éirinn, agus i gcur chun cinn na litríochta clóite Gaeilge sa 17ú hAois.
 
== Bunú an Choláiste ==
Bunaíodh '''Coláiste Naomh Antaine i Lobháin''' (nó '''Coláiste na nGael''') san Isiltír Spáinneach ([[An Bheilg]]) sa bhliain 1607 mar choláiste oiliúna do noibhéisigh agus do [[Ord na bProinsiasach|bhráithre Proinsiasacha]] as [[Éire|Éirinn]]. Ba é [[Flaithrí Ó Maolchonaire]], bráthar Proinsiasach agus Easpag Thuama (1609), a bhunaigh an coláiste le cead [[Rí na Spáinne]], Philip II. Ní raibh sa choláiste ar dtús ach foirgneamh beag a bhí ar chúl shéipéal [[Naomh Antaine]]. Ceal spáis b'éigean áit nua a lorg.
 
Bliain tar éis a bhunaithe tháinig Ó Néill, [[Aodh Ó Néill| (Iarla Thír Eoghain)]] agus Ó Dónaill, [[Ruairí Ó Dónaill]] ar cuairt ar an gcoláiste ar an 9 Samhain 1607. Chaitheadar an geimhreadh sa choláiste sular thugadar aghaidh ó dheas ar [[an Róimh]].
 
I 1617 tógadh an coláiste atá ann inniu.
I 1617 tógadh an coláiste atá ann inniu. Ba ghearr go raibh an coláiste i gcroílár fheachtas na bProinsiasach in aghaidh an [[reifirméisin]] in Éirinn. Chuir na Proinsiasaigh rompu clólann a bhunú chun ábhar spioradálta a leathadh in Éirinn. D'fhorbair siad cló Gaelach chun é sin a dhéanamh. Chomh maith leis na leabhair dhiaganta d'fhoilsigh na bráithre ábhar eile i nGaeilge. B'as an gcoláiste a cuireadh [[Micheál Ó Cléirigh]] go hÉirinn chun ábhar a bhailiú do [[Annála na gCeithre Máistrí]]. D'fhoilsigh na Bráithre foclóir Gaeilge Uí Chléirigh sa bhliain 1643.
 
== An Chlólann ==
I 1617 tógadh an coláiste atá ann inniu. Ba ghearr go raibh an coláiste i gcroílár fheachtas na bProinsiasach in aghaidh an [[reifirméisin]] in Éirinn. Chuir na Proinsiasaigh rompu clólann a bhunú chun ábhar spioradálta a leathadh in Éirinn. D'fhorbairChuir siad clólann agus cló Gaelach chuná éndéanamh sini a1611, dhéanamh.agus ba Chomhan maithi leis1616 naa leabhairclóbhualadh dhiagantaleabhar d'fhoilsighan naathar bráithreFhaithrí ábharféin, eile''Desiderius'', i nGaeilge.''Sgathán an BChrábhaidh'as'. anI gcoláiste1618 afoilsíodh cuireadhScathán [[MicheálShacramuinte Óna Cléirigh]]hAithrídhe gole hÉirinnhAodh chunMac ábharCathmhaoil a(Aodh bhailiúmac doAingil). [[AnnálaChomh maith leis na gCeithreleabhair Máistrí]].dhiaganta Dd'fhoilsigh na Bráithrebráithre foclóirábhar Gaeilgeeile i ChléirighnGaeilge. sa bhliain 1643.
 
B'as an gcoláiste a cuireadh [[Micheál Ó Cléirigh]] go hÉirinn chun ábhar a bhailiú do [[Annála na gCeithre Máistrí]]. D'fhoilsigh na Bráithre foclóir Gaeilge Uí Chléirigh sa bhliain 1643.
Bhí an sagart [[Brian Mac Giolla Coinnigh]] ina ghairdian ar an gcoláiste ó 1637-1641, agus foilsíodh a ''Riaghuileacha Threas Uird S. Froinsias'' i Lobháin i 1641.
 
Ba i gColáiste Naomh Antaine a chaith an captaen [[Somhairle Mac Domhnaill]] deireadh a shaoil. Ceaptar gur ag an gcoláiste a d'fhág sé [[Duanaire Finn]], an leabhar laoithe fiannaíochta a chur sé á scríobh c.1630.
 
 
== Tagairtí ==
''Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin'', Tomás Ó Cléirigh, An Gúm, 1935, 1985
''Rialachas San Froinsias'', Pádraig Ó Súilleabháin OFM, Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, 1953
 
==Naisc==