An difríocht idir athruithe ar: "Euro"

Content deleted Content added
m robot Adding: br:Euro, lij:Euro
12 bhallstát - > 15 bhallstát
Líne 1:
[[Íomhá:1 Euro Vatican(first series).jpg|mion| €1 as Cathair na Vatacáine]]
An '''euro''' (siombal: '''€'''; cód [[ISO 4217]] '''EUR'''; úsáidtear an leagan '''eoró''' chomh maith sa [[Gaeilge|Ghaeilge]] (féach [[Euro#Ceisteanna gramadacha|thíos]]) a thugtar ar an [[airgeadra]] a úsáidtear i ndágcúig bhallstát déag san [[an tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]] (AE): [[an Bheilg]], [[an Chipir]], [[Poblacht na hÉireann]], [[an Fhionlainn]], [[an Fhrainc]], [[an Ghearmáin]], [[an Ghréig]], [[an Iodáil]], [[an Ísiltír]], [[Lucsamburg]], [[Málta]], [[an Ostair]], [[an Phortaingéil]], [[an tSlóivéin]], agus [[an Spáinn]]. Tugtar [[limistéar an euro]] ar an ngrúpa stát seo.
 
Tagann an euro de thoradh an [[Athchóiriú airgeadaíochta|athchóirithe airgeadaíochta]] is tábhachtáí san [[an Eoraip|Eoraip]] ón [[an Impireacht Rómhánach|Impireacht Rómhánach]] i leith. Cé gur féidir an euro a mheas ina mheán aontaithe chun an [[An Comhphobal Eorpach|Cómhargadh Eorpach]] a chur i gcrích (os rud é go héascaíonn sé an [[Saorthrádáil|shaorthrádáil]] idir na ballstáit) measann a chuid bhunaitheoirí go bhfuil sé ina bhunpháirt de thionscadal lánpháirtiú polaitiúil na hEorpa.
 
Bhíodh [[franc (airgeadra)|franc]] na [[An Fhrainc|Fraince]] ina airgeadra do [[Monacó|Mhonacó]] roimh theacht an euro, agus úsáideadh [[lira]] na h[[An Iodáil|Iodáile]] i [[San Mairíne]] agus i g[[Cathair na Vatacáine]]. Úsáideann na tíortha sin go leirléir an euro anois, agus tá ceadúnais acu a mboinn euro féin a bhualadh, cé nach ballstáit an Aontais Eorpaigh iad. Úsáidtear an euro chun fiacha a híocadh i dtíortha eile san Eoraip lasmuigh den AE, [[Montainéagró]], [[an Chosaiv]] agus [[Andóra]] mar shampla.
 
Riartar an euro ag an g[[Córas Eorpach Banc Ceannais]] (CEBC)- .i. an [[Banc Ceannais Eorpach]] (BCE), le príomhoifig i bh[[Frankfurt|Frankfurt am Main]] sa [[an Ghearmáin|Ghearmáin]], agus [[Banc ceannais|bainc ceannais]] limistéar an euro, a fheidhmíonn sna ballstáit. Tá údarás eisiach ag an BCE maidir le [[beartas airgeadaíochta]]; tá baint ag na mbaill eile den CEBC le bualadh, carnadh agus dáileadh na m[[Bancnótaí euro|bancnótaí]] agus na m[[Boinn euro|bonn]], agus le feidhmiú chóras íoctha limistéar an euro.