An difríocht idir athruithe ar: "An Chuileog"

2,331 bytes added ,  12 bliain ó shin
 
==Stair==
Ba iad an bheirt mhairnéalach [[An_Ollainn|Ollannacha]] [[Pieter Dirkszoon Keyser]] agus [[Frederick de Houtman]] a chruthaigh réaltbhuíon na Cuileoige idir na blianta [[1595]] agus [[1597]]. Ar an [[2 Aibreán]] [[1595]] chuir ceithre long chun na farraige ó [[Texel]] san Ollainn; ba é sin an chéad loingeas Ollannach a thaistil ar na hIndiacha Thoir. Bhí Keyser mar ardmháta agus ardphíolóta ar bord na loinge ''Hollandia'' sa loingeas.
 
Roimhe sin, áfach, rinne an ministir [[Flóndras|Pléimeannach]] [[Petrus Plancius]] teagmháil leis. Bhí Plancius ar cheann de bhunaitheoirí [[Comhlacht Dúitseach na hIndia Thoir|Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir]], ach bhí sé ina [[Réalteolaíocht|réalteolaí]] agus a [[Cairtghrafaíocht|chairtghrafaí]] chomh maith. Sa bhliain [[1589]] rinne sé cruinneog neamhaí, ach níorbh fhéidir leis réigiún an phoil neamhaí theas a líonadh toisc nach raibh mórán eolais ar fáil i dtaobh cheantar sin na spéire. Mar sin de, thug sé gléasra réalteolaíoch do Keyser agus mhúin sé é conas é a úsáid chun réaltléarscáil a tharraingt den leathsféar neamhaí theas.
 
Fuair Keyser bás sa bhliain [[1596]], ach chríochnaigh a chúntóir Frederick de Houtman (in éineacht le mairnéalach eile, Vechter Willemsz) an léarscáil. Sa bhliain [[1597]] tháinig an loingeas ar ais go dtí an Ollainn, agus thug de Houtman an learscáil neamhaí agus réaltchatalóg do Plancius. Bhí 12 réaltbhuíon nua ar an léarscáil agus 135 réalta ar an gcatalóg. Sa bhliain [[1592]] rinne Plancius cruinneog neamhaí nua a thug isteach na réaltaí agus na réaltbhuíonta nua (chomh maith le réaltbhuíon eile a chruthaigh sé féin, .i. [[an Colm]]). Sa bhliain [[1603]] tháinig na réalthbhuíonta nua amach i gcló don chéad uair ar réaltatlas ''[[Uranometria]]'' de chuid an réalteolaí amaitéaraigh Gearmánaigh [[Johann Bayer]].
 
Sa lá atá inniu ann, glacann an [[Aontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta|tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] le gach ceann de na réaltbhuíonta a chruthaigh Keyser agus de Houtman – agus an Chuileog san áireamh – ach cé gur thug an bheirt mhairnéalach ainmneacha Ollainnise orthu, d'aistrigh Plancius go [[Laidin]] iad agus giorraíodh cúpla ceann acu idir sin is tráthas (féach an bosca thíos).
 
==Miotaseolaíocht==
Úsáideoir gan ainm