An difríocht idir athruithe ar: "An Chuileog"

Content deleted Content added
Erigena (plé | dréachtaí)
Erigena (plé | dréachtaí)
Líne 44:
Fuair Keyser bás sa bhliain [[1596]], ach chríochnaigh a chúntóir Frederick de Houtman (in éineacht le mairnéalach eile, Vechter Willemsz) an léarscáil. Sa bhliain [[1597]] tháinig an loingeas ar ais go dtí an Ollainn, agus thug de Houtman an learscáil neamhaí agus réaltchatalóg do Plancius. Bhí 12 réaltbhuíon nua ar an léarscáil agus 135 réalta ar an gcatalóg. Sa bhliain [[1592]] rinne Plancius cruinneog neamhaí nua a thug isteach na réaltaí agus na réaltbhuíonta nua (chomh maith le réaltbhuíon eile a chruthaigh sé féin, .i. [[an Colm]]). Sa bhliain [[1603]] tháinig na réalthbhuíonta nua amach i gcló don chéad uair ar réaltatlas ''[[Uranometria]]'' de chuid an réalteolaí amaitéaraigh Gearmánaigh [[Johann Bayer]].
 
Sa lá atá inniu ann, glacann an [[Aontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta|tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] le gach ceann de na réaltbhuíonta a chruthaigh Keyser agus de Houtman (féach an bosca thíos) – agus an Chuileog san áireamh. Is é an t-ainm [[Ollainnis|Ollainnise]] a thug an bheirt mhairnéalach ar an réaltbhuíon seo ná '''De Vlieghe'''. An rud is aisti faoi, níor thug Plancius aon ainm ar an réaltbhuíon seo nuair a tharraing sé í ar chruinneog neamhai sa bhliain [[1598]]. '''Apis''' (an focal [[Laidin|Laidine]] ar ''beach'') a thug Johann Bayer uirthi. Ceaptar go ndearna Bayer macasamhail di ó chruinneog neamhaí a rinne [[Jodocus Hondius]] sna blianta [[1600]] agus [[1601]], ach d'aithin Bayer mar bheach seachas cuileog í.
 
==Miotaseolaíocht==