An difríocht idir athruithe ar: "Féilim Ó Néill"

Content deleted Content added
Wikify
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 10:
 
Chinn ar ucht na comhcheilge Baile Átha Cliath a ghabháil nuair a ghabh na húdaráis beirt díobh, Mag Uidhir agus Mac Mathúin. D'éirigh Féilim agus muintir an tuaiscirt amach mar sin féin, ach ba ghearr go raibh smacht caillte aige ar na Gaeil a chuaigh san ionsaí ar na landóirí a bhí i seilbbh a gcuid tailte. Nuair a chinn ar Féilim Ó Néill tuaisceart agus oirthear an chúige a ghabháil ghluais sé ó dheas ij aghaidh Bhaile Átha Cliath. Rinne siad iarracht [[Droichead Átha]] a ghabháil ar dtús, ach chinn orthu, agus scaipeadh furmhór a gcuid fórsaí.
 
== Comhairle Chill Chainnigh ==
Leath an t-éirí amach ar fud na tíre agus, faoi earrach na bliana 1642 bhí an tír cés moite de na ceantair timpeall ar Bhaile Átha Cliath, Corcaigh, Doire agus oirthear Chúige Uladh i seilbh na gceannairceach. Bhunaigh na huaisle Caitliceacha Comhdháil Chill Chainnigh a bhí mar rialtas de facto neamhspleach ar an tír go dtí 1649. Bhí Féilim Ó néill ina theachta de chuid na parlaiminte
I 1642, tar éis briseadh tubaisteach in aghaidh na nAlbanach i nGleann Mhic Coinn, láimh le Ráth Bhoth, tháinig [[Eoghan Ruadh Ó Néill]] (mac dearthár le hAodh Mór Ó Néill) i dtír le buíon d'iar-oifigigh ó Reisimint Uí Néill de chuid na Spáinne, agus toghadh é ina ghinearál ar arm na nUltach in áit Fhéilim Uí Néill. Cé go raibh teannas idir an dá Niallach throid Féilim Ó Néill aoi cheannas Eoghain Rua ina dhiaidh sin. Bhris se go hoifigiúil le hEoghan Ruadh i 1648 nuair a thaobhaigh sé leis na ríogaithe.
 
== Bás ==
Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Cathartha i Sasana tháinig Oilibhéar Cromail go hÉirinn ar cheann arm na parlaiminte i 1649, agus taobh istigh de dhá bhliain ghlac sé ceannas ar an tír. Bualadh arm na nUlrtach i Scairbh Sholais i 1650. Cé go raibh Féilim Ó Néill páirteach sa chath, d'éalaigh sé an t-ár. Chosain sé dún Chnoc Séaelas i dTír Eoghain in aghaidh arm na parlaiminte. Gabhadh é ar an 4 Feabhra 1653 i gcaisleán an Rocháin i dTír Eoghain. Tugadh go Baile Átha Cliath é, ciontaíodh as tréas é agus crochadh é.
 
== Féilim Ó Néill sa Litríocht==
Is cosúil gurb é rúnaí agus séiplíneach Fhéilim Uí Néill, Toirdhealbhach Ó Mealláin, a scríobh an cuntas ''Cín Lae Ó Mealláin'' ina bhfuil cuntas ar an gcogadh agus ar imeachtaí Fhéilim Uí Néill ach go háirithe.[1]
Déantar léiriú ar Fhéilim Ó Néill mar charachtar stairiúil san úrscéal ''Dún na Cinniúna'' le h[[Annraoi Ó Liatháin]]. Is ar an gcosaint a rinne sé ar Dhún Chnoc Séarlas atá an t-úrscéal bunaithe.[2]
Tá cur síos ar bhriseadh arm Fhéilim Uí Néill i gCath Ghleann Mhic Coinn i 1642 san úrscéal ''An Cléireach'' le [[Darach Ó Scolaí]].[3]
 
[edit]References
 
^ 'Cín Lae Ó Mealláin', ''Annalecta Hibernica III'', Coimisiún Láimhscríbhinní na hÉireann, 1931
^ ''Dún na Cinniúna'', Annraoi Ó Liatháin, Sáirséal & Dill 1966
^ ''An Cléireach'', Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac, 2007
 
{{síol}}