An difríocht idir athruithe ar: "An Cléireach"

Content deleted Content added
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 4:
 
 
Saighdiúir agus cléireach atá in earráid lena choirnéal faoi ardú céime is ea fear inste an scéil. I dtuaisceart na [[Mumhan]] sa bhliain 1650, agus fuíleach arm an rí ag cúlú ó fhórsaí na parlaiminte, castar buíon filí agus scríobhaithe ar a chéile agus, beag beann ar an namhaid atá sna sála orthu, caitheann siad oíche ag seanchas cois tine. Sna scéalta a insíonn [[Cearbhall Óg Ó Dálaigh]], [[Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair]] agus an Fear Flatha Ó Gnímh, tagann plota eile chun cinn san úrscéal, fear óg a leagtar mar chúram air leabhar beannaithe, atá i seilbh a mhuintire le trí chéad bliain, a thabhairt slán ó ionradh Shasana ar an tír i 1601. Tugann an cúram oidhreachtúil seo as Éirinn go dtí an Ísiltír Spáinneach é, as sin go dtí an Bhóihéim, áit a nglacann sé páirt i g[[Cath an tSléibhe Bháin]] mar mhuscaedóir i gcomplacht an chaptaein [[Somhairle Mac Domhnaill]], agus as sin go [[Coláiste Naomh Antaine]] sa Lobháin i gcuideachta an Bhráthair [[Micheál Ó Cléirigh]], an Bhráthair [[Eoghan Rua Mac an Bhaird]], agus an athar [[Brian Mac Giolla Coinnigh]], agus ar ais go hÉirinn i lár Chogadh na Comhdhála agus Chogadh Chromail. Cé go dtagann an t-aighneas idir an cléireach agus an coirnéal chun cinn roimh dheireadh na hoíche seanchais sin in [[Éire|Éirinn]], is sa bhliain 1667 a thugtar snátha an scéil le chéile agus fear inste an scéil ar deoraíocht in Ostend na hÍsiltíre.