An difríocht idir athruithe ar: "Diarmaid Mac Murchadha"

Content deleted Content added
m robot Adding: sv:Dermot MacMurrough
No edit summary
Líne 1:
Rí [[Éire|Éireannach]] ab ea é '''Dhiarmuid Mhic Mhurchadha Caomhánach''' ([[1110]] - [[1 Eanáir]], [[1171]]). Tháinig na [[Normanaigh]] go hÉireann sa bhliain [[1169]], tar éis dó cuireadh a thabhairt do rí [[Sasana|Shasana]] agus na Normáine [[Annraí II]] teacht i gcúnamh air, mar go raibh aighneas idir é féin agus [[Tiarnán Ó Ruairc]]. Rugadh Diarmuid Mac Murchadha in 1110 AD agus toghadh é ina rí ar [[Cúige Laighin|Chúige Laighin]] nuair nach raibh sé ach sé bliana déag d'aois, ach ní raibh an tArdrí sásta leis agus chuir sé an Ruarcach go Cúige Laighin leis an ríocht a bhaint de. Bhí Mac Murchadha ag troid ar feadh na mblianta as sin amach agus d'éirigh leis a ríocht a athghabháil faoi dheireadh in [[1133]], agus bhí síocháin ina ríocht ar feadh na mblianta. Ach thosaigh an seanaighneas le Tiarnán Ó Ruairc arís agus chreach Diarmuid tailte Thiarnáin Uí Ruairc i [[1152]]. Chuaigh Bean Uí Ruairc abhaile le rí caithréimeach Laighin agus mar gheall air sin lean an t-aighneas ar aghaidh. Díbríodh Diarmaid in [[1166]], agus theith sé chun na Breataine. Gheall sé go mbeadh an té a ghabhfadh a ríocht ar ais dó ina oidhre air agus thug sé saighdiúirí Normanacha leis abhaile chun a thailte a ghabháil ar ais. D'éirigh go seoigh leis na saighdiúirí [[Normanaigh|Normanacha]] faoi cheannas [[Strongbow]]. Ghabhadar [[Baile Átha Cliath]] agus pósadh Strongbow agus iníon Dhiarmada, Aoife, i [[Túr Raghnaill]], atá suite i [[bPort Láirge|Port Láirge]]. Ón am sin ar aghaidh, d'fhan an chumhacht Gallda in Éirinn, óir lean na Sasanaigh na Normanaigh i dtiarnas ar an b[[Páil]], agus ar deireadh ar an tír ar fad.
{{stumpa}}
[[Catagóir:Stair na hÉireann|Mac Murchadha Caomhánach, Diarmuid]]