An difríocht idir athruithe ar: "Aodh Ó Néill"

Content deleted Content added
No edit summary
 
Meabhar (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Rugadh '''Aodh Ó Néill''', Iarla Thír Eoghain. Rugadh é, i 1540,. Ba é an mac baab óige ag Maitiú Ó Néill, fear a rabhthas in amhras faoina dhlisteanacht, ach a bhí aitheanta mar mhac ag Conn Ó Néill, an chéad duine a ainmnighainmíodh mar Iarla Thír Eoghain ag Rialtas na Breataine. Maraíodh Maitiú agus na mic ba shine aige sa chogaíocht leanúnach a bhí idir SeánSheán Ó Néill, agus a ghaolta. Rinneadh Barún Dhún Geanainn d'Aodh sa bhliain 1562. Bhí cuid mhaith dá óige caite aige i gCúirt Shasana mar ar fhoghlaim sé nósanna na ngall, agus ba chosúla é le tiarna Sasanach é ná le taoiseach de chuid na nGael. Bhí an-mheas ar a intleacht ó thús, ach níor léir riamh go raibh tuairimí láidre creidimh aige.
 
Chabhraigh sé leis an tiarnadtiarna Essex tailte Chlann Aodha Buí a scrios i 1574, agus chuidigh sé le hIarla Urmhumhan tailte na nGearaltach a bhánú i 1580. Bhí suíochán tiarna aige i bParlaimint Perrot i 1585 agus bhí sé i bpáirt le Perrot sa bhfeachtas in aghaidh na nAlbanach i gCúige Uladh. Mar gheall ar a dhílseacht do rialtas Shasana rinneadh Iarla Thír Eoghain de agus ghlac sé seilbh ar na tailte uile a bhí ag a sheanathair. Ach bhí deacrachtaí aige le dlíthe Shasana a chur i bhfeidhm cé gur thug sé geallúintí go leor go raibh a dhícheall á dhéanamh aige.
 
Rinne sé namhaid de Marshall Bagnal nuair a phós sé deirfiúr an fhir sin in ainneoin go raibh bean chéile aige cheana féin. Ag an am sin, 1594 bhí na tiarnaí Gaelacha[[Gael]]acha eile i gCúigeg[[Cúige Uladh]] ag éirí amach in aghaidh Shasana, - Ó Domhnaill, Mag Uidhir agus Mac Mathúna, agus chuaigh deartháir Aoidh i bpáirt leis na méirligh. Cuireadh i leith Uí Néill go raibh comhghuallaíocht bunaithe aige le Rí na Spáinne agus leis an bPápa agus go raibh teideal Gaelach, "Ó Néill" á úsáid aige. D'ordaigh a Bhanríon é a ghabháil ach d'éalaigh sé as Baile Átha Cliath go Tír Eoghain agus i 1595 d'éirigh sé amach go hoscailte in aghaidh na Sasanach. Bhí arm maith curtha le chéile le tamall aige, agus neart armlóin acu, agus ba cheannaire míleata an-éifeachtach é. Chloígh sé arm Sasanach ag Cluain Tiobraid, ach lean sé air ag maíomh go raibh sé dílis don Bhanríon agus go raibh síocháin uaidh. D'éiligh sé saoirse do [[Caitliceachas|Chaitlicigh]] Uladh, ach diúltaíodh dó agus thosaigh an chogaíocht arís i 1597. Rinne Bagnal ionradh ar Chúige Uladh le cúig mhíle fear ach bhuaigh Ó Néill an cath a troideadh ag [[Béal an Átha Buí]].
 
Cuireadh ceannairí nua anonn as [[Sasana]], an Riarna Mountjoy agus George Carew. D'éirigh leo sin [[Cúige Mumhan]] a chur faoi chois. Mar sin, nuair a tháinig an chabhair a bhí iarrtha ag Ó Néill ón Spáinn go [[Cionn tSáile]], bhí arm Shasana ábalta iad a chur faoi léigear láithreach. Bheartaigh ceannairí Uladh ar a gcuid saighdiúirí a thabhairt aduaidh. Thimpeallaigh siad na Sasanaigh, ach ní raibh taithí ag na Gaeil ar an gcineál cogaíochta a cleachtadh ar thalamh oscailte na Mumhan agus bhí bua éasca ag marcshlua Shasana orthu. Chúlaigh na hUltaigh abhaile agus lean orthu ag troid ar feadh cúpla bliain eile.
 
Ghéill Ó Néill faoi dheireadh nuair a gealladh pardún dó i 1603, ach mar gheall ar an ngéarleanúint chreidimh a lean ar aghaidh, bheartaigh sé féin agus na taoisigh eile a bhí fágtha imeacht leo thar sáile. Tugtar [[Teitheadh na nIarlaí]] ar a n-imeacht. Thug long Bhriotánach go calafort le Havre iad agus chuaigh Ó Néill as sin chun na [[an Róimh|Róimhe]]. Chuir an Pápa fáilte roimhe féin agus a theaghlach agus chuir sé faoi sa Róimh go dtí gur éag sé ann i 1616.